Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Iarrann Coiste na Gaeilge ar an Aire úsáid an ainm ‘Éire’ ar phlátaí cláraithe feithiclí a cheadú

2 Feabh 2018, 12:05

Tá iarrtha ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Seán de Rossa, TD ionstraim reachtúil a athrú chun a cheadú do dhaoine a roghnú cibé acu an úsáidfidh siad an t-ainm ‘Éire’ nó na hinisealacha ‘IRL’ ar a bplátaí cláraithe feithiclí.


Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Tá na rialacha reatha bunaithe ar Ionstraim Reachtúil 318 de 1992. Faoi láthair, tá bac ar úinéirí feithiclí an t-ainm ‘Éire’, ainm oifigiúil an Stáit, a úsáid ar a bplátaí cláraithe feithiclí agus ní cheadaítear dóibh ach na hinisealacha ‘IRL’ a úsáid, giorrúchán ar ainm an Stáit sa Bhéarla.

“Le déanaí, cuireadh cás in iúl don Choiste, inar theip ar fheithicil le duine i gContae Chorcaí sa Tástáil Náisiúnta Gluaisteán mar gheall go raibh ‘Éire’ ar taispeáint ar phlátaí an ghluaisteáin seachas 'IRL' a cheanglaítear a úsáid.

“Creideann an Coiste gur chóir go mbeadh saoránaigh i Stát dátheangach i dteideal a rogha teanga a úsáid i ngach comhthéacs agus gur chóir don Stát é sin a éascú seachas bacanna a chur rompu. Anuas air sin, ba léiriú soiléir tacaíochta ar son na Gaeilge agus a féiniúlachta cultúrtha 'Éire' a bheith le feiceáil ar fheithiclí fud fad na tíre.”

Barr
Roinn