Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pléifidh Coiste na Gaeilge dúshláin atá roimh ionaid cúraim leanaí i gceantair Ghaeltachta

5 Feabh 2018, 12:37

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le hionadaithe ó Chrann Taca/Comharchumann Shailearna Teo. chun na dúshláin atá roimh ionaid cúraim leanaí a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta a mheas.  

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Aithníonn an Coiste an gealltanas a dhéanann tuismitheoirí agus molann sé iad agus iad ag seoladh a leanaí chuig ionaid cúraim leanaí lánGhaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon agus aithníonn sé freisin na deacrachtaí agus na caiteachais bhreise atá rompu. Tá an Coiste ag iarraidh a chinntiú go sárófar na deacrachtaí bhreise sin agus go ndéanfar maolú ar na caiteachais bhreise sin a mhéid is féidir. Amárach, scrúdófar an tsaincheist ar bhealach níos mionsonraithe.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 5 p.m. amárach, Dé Máirt, an 6 Feabhra 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn