Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil ar Ghaeltacht Mhúscraí foilsithe ag Coiste na Gaeilge

9 Feabh 2018, 12:15

Is fíorthábhachtach poist bhuana, lánaimseartha, inphinsin a sholáthar i Múscraí agus ar fud na Gaeltachta chun go mairfidh an Ghaeltacht mar phobal beo inmharthana, de réir tuarascáil nua ó Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Tá an tuarascáil bunaithe ar chuairt ó thoscaireacht de chuid an Choiste chuig Gaeltacht Mhúscraí an 2 Deireadh Fómhair 2017.  Tá 23 mholadh sa tuarascáil a bhaineann le Múscraí agus leis na Gaeltachtaí eile ar fud na tíre.

Táthar ag iarraidh i Moltaí 10, 11 agus 12 go gcuirfí córas i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéanfaí múinteoirí atá líofa sa Ghaeilge, agus atá oilte chun a gcuid ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, a chur ar fáil do gach bunscoil agus meánscoil i limistéir Ghaeltachta.  Anuas air sin, iarrtar i Moladh 13 go ndéanfaí leagan Gaeilge de na téacsleabhair i ngach ábhar a chur ar fáil.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile: “Tá an dá rud fite fuaite ina chéile: múinteoirí a bheith inniúil sa Ghaeilge agus téacsleabhair ardchaighdeáin sa Ghaeilge.  Is riachtanais bhunúsacha iad seo atáimid ag iarraidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna a chur i bhfeidhm láithreach.”

Tá an Coiste ag iarraidh freisin ar an Rialtas na bearta is gá a dhéanamh chun a chinntiú gurbh fhéidir le daoine seirbhísí Stáit a fháil trí Ghaeilge dá mba mhian leo sin.

Dúirt an Teachta Ní Chonghaile: “Is beag seirbhís atá ar fáil trí Ghaeilge, agus nuair a iarrann cainteoirí Gaeilge a leithéid, bíonn orthu iompú ar an mBéarla chun a chinntiú go bhfaighidís an tseirbhís atá uathu.  Cé go n-aithníonn an Coiste na deacrachtaí atá ag cainteoirí Gaeilge, táimid ag iarraidh orthu, i Moladh 23, a bheith i bhfad níos glóraí ó thaobh a gcuid míshástachta leis an bhfadhb sin a chur in iúl agus a gcuid gearán a chur i scríbhinn chuig an soláthraí seirbhíse.”

Iarrtar i Moladh 20 ar an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige tacú le club óige a bhunú i gCill na Martra agus tacú leis an gclub sin agus le clubanna óige eile i Múscraí ar bhonn leanúnach.  Táthar ag iarraidh i Moladh 21 go ndéanfaí seirbhísí leordhóthanacha iompair phoiblí a chur ar fáil i Múscraí agus i nGaeltachtaí eile chun gur féidir le daoine óga agus daoine eile taisteal laistigh den Ghaeltacht agus go dtí na hionaid uirbeacha máguaird ionas gur féidir leo saoráidí oideachais agus áineasa agus saoráidí eile a úsáid ach iad fós ag maireachtáil sa Ghaeltacht.

Tá an tuarascáil le fáil anseo: https://beta.oireachtas.ie/en/committees/32/irish-language-the-gaeltacht-and-the-islands/




Barr
Roinn