Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun tús a chur le héisteachtaí maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017

27 Feabh 2018, 10:44

Cromfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-Oileán athuair ar éisteachtaí maidir le Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 ag cruinniú den choiste a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, an 28 Feabhra 2018.

Beidh cruinniú ag an gCoiste le Críostóir Ó Faoláin Uasal, Bainisteoir Forbartha, Comhlucht Forbartha na nDéise, agus le  hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, an chéad chruinniú de thrí chruinniú poiblí a thionólfar ar an ábhar seo sa choicís amach romhainn.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Creideann an Coiste nach foláir gurb é aidhm an Bhille seo, rogha réalaíoch a thabhairt do shaoránaigh maidir leis an teanga oifigiúil ar mian leo feidhm a bhaint aisti agus iad i mbun teagmhála leis an Stát agus lena chuid foras poiblí. Dá bhrí sin, tá suim ar leith againn cíoradh a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann le Ceannteidil 9 agus 10 de Dhréacht-Cheannteidil an Bhille.

Leagtar síos cuspóir i gCeannteideal 9 go n-earcófar 20% d’oifigigh sa tseirbhís phoiblí ar an mbonn go bhfuil siad inniúil sa dá theanga oifigiúla agus toilteanach feidhmiú trí mheán an dá theanga oifigiúla. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an mbeidh feidhm ag an gcuspóir sin ar fud an tseirbhís phoiblí go léir, i ngach eagraíocht san earnáil phoiblí, i ngach rannóg agus ag gach grád, agus an mbeidh feidhm aige i ngach comórtas earcaíochta, idir chomórtais inmheánacha agus chomórtais seachtracha agus i ngach cineál comórtais.

Baineann Ceannteideal 10 leis na caighdeáin a mbeidh gá leo agus seirbhísí á soláthar i gceachtar teanga oifigiúil, agus teastaíonn ón gCoiste a chinntiú go mbeidh na seirbhísí a chuirfear ar fáil sa dá theanga oifigiúla ag caighdeán atá chomh hard lena chéile.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 5pm, Dé Céadaoin, an 28 Feabhra 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn