Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun leanúint dá éisteachtaí maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017

5 Márta 2018, 03:21

Leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán dá réamhéisteachtaí grinnscrúdaithe maidir le Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 an tseachtain seo.

Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus Criostóir Ó Faoláin, Uasal, i láthair ag cruinniú den Choiste a bheidh ar siúl ar 5 p.m., Dé Máirt, an 6 Márta, agus beidh cruinniú ag an gCoiste le hIonadaithe ó Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge agus Misneach ar 6 p.m., Dé Céadaoin, an 7 Márta.

Díreoidh an Coiste ar na deiseanna atá ann do lucht fágála scoile agus na dúshláin atá rompu in 2018-2020 Déardaoin, an 8 Márta, nuair a chloisfidh an Coiste ó dhaltaí ó Choláiste Chilliain, ó Choláiste Ghobnait, ó Choláiste Naomh Éinne agus ó Choláiste Naomh Eoin.

Beidh na cruinnithe uile ar siúl i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn