Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun úsáid na Gaeilge ar an raidió a phlé

30 Aib 2018, 15:51

Beidh cruinniú ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis an Dr John Walsh ó OÉ Gaillimh agus leis an Dr Rosemary Day ó Ollscoil Luimnigh Dé Máirt an 1 Bealtaine 2018 chun úsáid na Gaeilge ar stáisiúin raidió a phlé.

Déanfar plé ag an gcruinniú ar thuarascáil dar teideal ‘Plécháipéis ar chraoltóireacht trí Ghaeilge ar an raidió’ arna foilsiú le déanaí ag an Dr Walsh agus an Dr Day.

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 4 p.m., Dé Céadaoin an 1 Bealtaine 2018 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn