Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fáilte curtha ag Coiste na Gaeilge roimh an gcinneadh comórtas a reáchtáil trí Ghaeilge chun oifigigh chléireachais a cheapadh

6 Iúil 2018, 04:50

Ag a chruinniú an 4 Iúil 2018, chuir Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán fáilte roimh an gcinneadh go reáchtálfadh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas (trí Ghaeilge amháin) chun Oifigigh Chléireachais a cheapadh sna seachtainí atá romhainn.

Chuir an Coiste fáilte freisin roimh an gcinneadh ón tSeirbhís comórtas den saghas céanna a reáchtáil níos déanaí sa bhliain chun Oifigigh Feidhmiúcháin a cheapadh agus comórtais eile den saghas céanna a reáchtáil ina dhiaidh sin chun Ardoifigigh Feidhmiúcháin, Príomhoifigigh Chúnta agus Príomhoifigigh (ag brath ar an soláthar) a cheapadh.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD, gur mhian leis an gCoiste buíochas a ghabháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí as na cinntí dearfacha sin.  Cuireann an Coiste fáilte roimh na cinntí sin mar chéad chéim sa phróiseas chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil go dátheangach.

 

Barr
Roinn