Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Obair Chlár Fulbright faoi chaibidil ag Coiste na Gaeilge

25 MFómh 2018, 12:10

Beidh obair Chlár Fulbright ar chlár Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag a chruinniú Dé Máirt, an 25 Meán Fómhair 2018.

 

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Dámhann Coimisiún Fulbright in Éirinn deontais gach bliain chun go ndéanfaidh saoránaigh Éireannacha staidéar, taighde nó teagasc in SAM agus chun go ndéanfaidh Meiriceánaigh an rud céanna in Éirinn. Ó bunaíodh é, ghlac breis is 2,000 mac léinn iarchéime, scoláire, gairmí agus múinteoir páirt sa chlár idir SAM agus Éire. Ag an gcruinniú againn, déanfaimid plé níos mionsonraithe ar an gclár agus ar na deiseanna a thugann sé do Ghaeilgeoirí.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 4 p.m., Dé Máirt an 25 Meán Fómhair 2018 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn