Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun Plean Straitéise Údarás na Gaeltachta a phlé

13 Samh 2018, 12:51

Láithreoidh Údarás na Gaeltachta os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach nuair a thiocfaidh sé le chéile chun Plean Straitéise 2018-2020 de chuid na heagraíochta a phlé.  

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, “Leagtar amach i bPlean Straitéise 2018-2020 de chuid Údarás na Gaeltachta cur chuige na heagraíochta maidir le pobail inmharthanacha Ghaeltachta a fhorbairt. Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis plé le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis na haidhmeanna atá acu le haghaidh an dá bhliain atá romhainn. Beidh suim faoi leith ag comhaltaí cloisteáil faoi conas a bheartaíonn an eagraíocht forbairt a dhéanamh ar an méid a úsáidtear an Ghaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta d’fhonn a chinntiú go mairfidh sí”.

Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m., i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo

Fiosrúcháin ó na meáin

Nuala Walsh, 
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2.
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn