Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun grinnscrúdú a dhéanamh ar an mBille um Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, 2017

26 Samh 2018, 16:26

Déanfaidh an Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht breithniú mionsonraithe ar an mBille um Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, 2017, Dé Céadaoin ar 1.30 p.m.

Féachtar leis an mBille Comhaltaí Príobháideacha seo le socrú a dhéanamh sa reachtaíocht chun Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir a bhunú.

Ar na finnéithe sceidealta, beidh

  • Colm Ó Bróithe TD, tionscnóir an Bhille;
  • Michael Blanch, a rinne stocaireacht le haghaidh Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, agus
  • Oifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn