Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Dhlí agus Ceart chun grinnscrúdú a dhéanamh ar scéim ghinearálta an Bhille um Chiontóirí Gnéis agus an BCP um Chiontóirí Gnéis

26 Samh 2018, 14:05

Breithneoidh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas an Bille um Chiontóirí Gnéis (Leasú), 2018, ar Bille Comhaltaí Príobháideacha é, agus déanfaidh sé grinnscrúdú réamhreachtach ar scéim ghinearálta an Bhille Rialtais atá beartaithe, arb é an Bille um Chiontóirí Gnéis (Leasú) é, Dé Céadaoin ar 9 a.m.

Ar na finnéithe sceidealta, beidh

  • Máirín Ní Shúilleabháin TD, tionscnóir an Bhille um Chiontóirí Gnéis (Leasú), 2018;
  • An Dr. Margaret Fitzgerald O’Reilly, léachtóir dlí in Ollscoil Luimnigh, agus
  • Ionadaithe ón tSeirbhís Phromhaidh, ón Líonra Éigeandála um Éigniú Éireann agus ó Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn