29 Ean 2019, 11:50
Breithneoidh an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal trí achainí amárach a bhaineann le haisíocaíochtaí mótarchánach d’fheithiclí ardbhanda nuair nach mbíonn siad á n-úsáid, forghníomhú Threoir AE 1993 lena rialaítear conarthaí tomhaltóirí éagothroma, agus tacaíocht do shealbhóirí víosaí Stampa 3 maidir leis an gceart chun dul i mbun oibre.
“Tá de chuspóir ag an gCoiste um Achainíocha ról a thabhairt do dhaoine den phobal ó thaobh saincheisteanna imní a leagan faoi bhráid an Oireachtais,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Ó Searlóg, T.D. “Déanfar scrúdú ar achainíocha na seachtaine seo féachaint an bhfuil siad de réir na mBuan-Orduithe agus tabharfar breitheanna i seisiún poiblí.”
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 1 a fheiceáil beo anseo.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews