Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun breithniú a dhéanamh ar an modh táirgthe atá ag Amharclann na Mainistreach

29 Ean 2019, 12:28

Déanfaidh an Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht breithniú ar an modh reatha táirgthe, léiriúcháin agus comhléiriúcháin in Amharclann na Mainistreach, Dé Céadaoin ar 2.30 p.m.

Ar na finnéithe sceidealta, beidh

  • Cathaoirleach Amharclann na Mainistreach, Frances Ruane
  • Cathaoirleach Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Sheila Pratschke
  • Aisteoir Éireannach, Declan Conlon

“Mar amharclann náisiúnta na hÉireann, bhí ról tábhachtach le breis agus céad bliain anuas ag Amharclann na Mainistreach maidir leis na huaillmhianta ealaíne a bhí ag líon mór daoine a réalú,” arsa Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh T.D.

“I bhfianaise an phlé phoiblí reatha faoin modh táirgthe atá ag Amharclann na Mainistreach, tá faoin gCoiste comhdhearcadh agus dul chun cinn cuiditheach a fhorbairt. I ndeireadh na dála, is gá dúinn a chinntiú go leanfaidh Amharclann na Mainistreach d‘inspioráid agus de spreagadh a thabhairt do dhrámadóirí, d’aisteoirí agus do stiúrthóirí na hÉireann agus dóibh siúd uile a bhfuil baint acu le healaín stáitse.”

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 1 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn