Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Mic Léinn as 10 gcontae le cur i láthair a dhéanamh mar chuid de chomóradh Dáil100

4 Márta 2019, 10:00

Déanfaidh mic léinn as deich gcontae cur i láthair Chlub TED-Ed i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Dé hAoine, an 8 Márta, mar chuid de chlár Thithe an Oireachtais chun cothrom 100 bliain na Chéad Dála a chomóradh.

Is éard atá i gClub TED-Ed Thithe an Oireachtais 15 mhac léinn san idirbhliain agus sa chúigiú bliain. Tá na mic léinn, atá idir 15 bliana agus 17 mbliana d’aois, tar éis oiliúint agus tacaíocht a fháil trí fhíschomhdháil.

Tá uaireanta fada caite ag na mic léinn ag ullmhú a gcuir i láthair don imeacht, mar chuid de 13 cheacht Chlub TED-Ed (ar a dtugtar ‘taiscéalta’ go foirmiúil), faoi threoir a gcuid múinteoirí agus Oifigeach Oideachais Pharlaimintigh an Oireachtais, Conor Reale.

“Leanfaimid d’imeachtaí Dáil100 againn a sheoladh Dé hAoine, tráth a dhéanfaimid comóradh ar chéad bliain tosaigh Dháil Éireann trí bhéim a chur ar thuairimí na ndaoine a bheidh ina gceannairí againn sa todhchaí. Is bealach cuí é chun tiomantas na mac léinn seo a thaispeáint,” arsa an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD.

Tosóidh an cur i láthair ar 12 meán lae i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tar éis an imeachta, beidh cur i láthair na mac léinn ar fáil lena fheiceáil ar chainéal Chlubanna TED-Ed ar YouTube. Déanfaidh beirt chainteoirí a gcur i láthair as Gaeilge.

Lena chois sin, dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD: “Mar chuid de chomóradh Dáil100, tá sé ríthábhachtach go n-éistfear le tuairimí daoine óga. Molaim baill Chlub TED-Ed againn as a ndícheall agus a ndúthracht le linn dóibh a bheith ag ullmhú chun a gcur i láthair a dhéanamh os comhair a gcomhaoiseach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ar raon mór na n-ábhar a chuimseofar, beidh cumhacht an daonlathais agus dúshláin a bhaineann le seirbhísí meabhair-shláinte. Seolfar pléití tábhachtacha le linn an imeachta seo, agus mic léinn arb as áiteanna ar fud na hÉireann iad, ina gceannas orthu. Is gá dúinn éisteacht le tuairimí daoine óga a bheidh ag treorú cúrsaí sa todhchaí againn, agus táim ag tnúth le sraith idirghabhálach pléití.”

Ar na hábhair eile a chuirfear i láthair, beidh tionchar na meán sóisialta agus na nguthán póca, déileáil le strus, céannacht ghnéasach, agus a iomchuí atá an t-oideachas sa saol mór.

Is iad seo a leanas na mic léinn:

Niamh Coleman, St. Angela’s Secondary School, Waterford
Topic: Is our education one size fits all?

Emma Connolly, St. Vincent’s Secondary School, Dundalk
Topic: The mental, physical and emotional health benefits of music

Richard Crotty, Kilkenny College, Kilkenny
Topic: Mental health challenges for today’s youth

Ben Doherty, Maynooth Community College, Maynooth, Co. Kildare
Topic: Stress from the Leaving Cert points race

Fufu Emeordi, Kilkenny College, Kilkenny
Topic: Belonging

Ciarán Farrell, St. Benildus College, Stillorgan, Co. Dublin
Topic: The fight against climate change

Kate Feehily, Mount Sackville Secondary School, Chapelizod, Dublin 20
Topic: Sexual confusion among today’s youth

Caoimhe Gibbons, Our Lady’s Secondary School, Castleblayney, Co. Monaghan
Topic: The power of one vote, your vote

Niamh Henry, Our Lady’s Bower Secondary School, Athlone, Co. Westmeath
Topic: Bullying, mirror neurons, empathy and fairy tales

Alex Kennedy, Larkin Community College, Dublin 1
Topic: The power of labels

Ava Murray, St. Clare’s Comprehensive School, Manorhamilton, Co. Leitrim
Topic: Does school prepare us for life in the modern world?

Megan Ní Laighin, Gaelcholáiste Luimnigh, Co. Luimnigh
Ábhar: An fáth gur baol d’ár sochaí alcól

Céití Ní Mhathúna, Laurel Hill Coláiste FCJ, Co. Luimnigh
Ábhar: Cad a d’imigh ar mhórtas as an nGaeilge?

Jenny Salmon, Loreto Secondary School, Bray, Co. Wicklow
Topic: Is there blood on your mobile phone?

Tarah Sherlock, St. Louis Secondary School, Monaghan
Topic: Is social media taking over our lives?

Barr
Roinn