5 Márta 2019, 09:53
Dé Céadaoin, 6 Márta, ar 9 a.m., déanfaidh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas plé ar na hathchóirithe a d’fhéadfadh a bheith ar chóras an dlí teaghlaigh, arb é seo an dara cruinniú aige ar an ábhar seo.
Ar na finnéithe sceidealta, beidh na daoine seo a leanas
- An Dr. Carol Coulter, stiúrthóir Thionscadal Tuairiscithe an Dlí Cúraim Leanaí
- An Dr. Roisin O’Shea, bunaitheoir agus stiúrthóir ar Arc Mediation
- Seán Ó hUallacháin AS agus ionadaithe eile ó Chomhairle Bharra na hÉireann, an comhlacht ionadúcháin d’abhcóidí
- Ruth Barrington, Cathaoirleach, agus Damien Peelo, Príomhfheidhmeannach, Treoir, an chónaidhm um sheirbhísí do thuismitheoirí neamhphósta agus a gcuid leanaí
“Is tosaíocht oibre de chuid an Choiste do 2019 athchóiriú ar chóras an dlí teaghlaigh,” arsa Cathaoirleach an Choiste Caoimhghín Ó Caoláin TD. “Is léir ónár bpléití go dtí seo an gá práinneach le hathchóiriú den sórt seo. Is é seo an dara cruinniú réamhbheartaithe as trí cinn a mbaileoimid tuairimí raon geallsealbhóirí agus príomhshaineolaithe sa réimse seo lena linn.”
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews