Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht ag iarraidh tuilleadh tacaíochta do na healaíona

15 Beal 2019, 09:48

Tá an Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltachta tar éis a thuarascáil ‘Tábhacht na nEalaíon’ a fhoilsiú inniu.

Sa tuarascáil, déantar roinnt moltaí maidir leis an tslí ar féidir leis an Stát na healaíona a chothú agus aitheantas a thabhairt don luach atá iontu don tsochaí, ach an tacaíocht chuí a thabhairt dóibh.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine anseo

Agus é ag labhairt ag seoladh na tuarascála, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh TD, “Le linn éisteachtaí an Choiste ar na healaíona, meabhraíodh do Chomhaltaí an Choiste a thábhachtaí atá na healaíona chun ár n-oidhreacht agus ár gcultúr ar leith a chaomhnú.

Tír ar maos sna healaíona is ea Éire agus labhair na daoine a tháinig os comhair an Choiste faoi thábhacht na n-ealaíon mar acmhainn oideachais agus mar áis cur chun cinn an gheilleagair. Gné eile d’earnáil na n-ealaíon atá fíorthábhachtach is ea an caidreamh sibhialta ina dtugtar spreagadh do rannpháirteachas an phobail agus comhthuiscint idir daoine ó chodanna éagsúla den tsochaí.”

“Labhair finnéithe faoin dochar a dhéantar nuair a ghearrtar siar ar an maoiniú do na healaíona; ar an ábhar sin, tá an Coiste ag moladh don Rialtas go scaoilfear cuid mhór den mhaoiniú a gheall an Taoiseach I Nollaig 2017 nuair a d’athdhearbhaigh sé an gealltanas a thug an Rialtais chun maoiniú do na healaíona a dhúbailt thar tréimhse seacht mbliana. Déantar iarraidh sa tuarascáil freisin go dtacófar níos mó leis an gcruthaitheacht san oideachas agus ar idirghabháil chun cabhrú le múinteoirí a bhfuil oideachas an cheoil á sheachadadh acu.”

“Táimid ag moladh go dtabharfaidh na ranna Rialtais go léir cúrsaí ealaíona agus cultúir san áireamh mar chuid dá mbeartais, ag aithint an chaoi ar féidir leis an gcur chuige seo dul i bhfeidhm go dearfach ar bheartas stáit trí chéile, lena n-áirítear an turasóireacht, an geilleagar, oideachas agus forbairt pobail."

Fiosrúcháin ó na meáin

Nuala Walsh, 
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2.
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn