Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruinniú le bheith ag an gCoiste Cumarsáide le ComReg agus KPMG chun próiseas an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a phlé

4 Meith 2019, 14:18

Cruinniú le bheith ag an gCoiste Cumarsáide le ComReg agus KPMG chun próiseas an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a phlé

Láithreoidh ionadaithe ó ComReg agus KPMG os comhair an Chomhchoiste um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol amárach.

Scrúdófar le linn dhá sheisiún leithleacha próiseas an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda go dtí seo agus conas is fearr is féidir dul ar aghaidh agus an modh is fearr chun leathanbhanda a chur i bhfeidhm faoin tuath.

Láithreoidh finnéithe ó ComReg ar 11 a.m., agus tá KPMG ceaptha teacht os comhair an Choiste ar 2.30 p.m. Féadfar breathnú ar imeachtaí an Choiste beo anseo

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Hildegarde Naughton TD, “Is tosaíocht rí-thábhachtach don Choiste seachadadh méadaithe leathanbhanda ardluais ar fud na tíre agus is sprioc é a bhfuilimid ag obair le tamall anuas lena bhaint amach. Tá imní orainn, áfach, faoi nithe áirithe a bhaineann le leathanbhanda ardluais a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an easpa iomaíochta agus na costais arda nasctha a bheidh ar chustaiméirí. Bhí cruinnithe againn roimhe seo le leas-sealbhóirí rí-thábhachtacha, agus táimid ag tnúth leis an deis plé a dhéanamh le ComReg agus KPMG ar an ábhar seo, ar ábhar é a bhfuil leas suntasach náisiúnta ag baint leis. Is mórthionscadal é leathanbhanda a chur i bhfeidhm faoin tuath i mbreis is 500,000 teach agus gnó."

Barr
Roinn