Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taispeántas ‘Dáil 100’ seolta i gCorcaigh mar chuid de cheiliúradh Dáil 100

21 Meith 2019, 12:35

Tarraingíodh aird ar ról na chéad chomhaltaí de Dháil Éireann arbh as Corcaigh dóibh inniu (Dé hAoine) nuair a seoladh ‘Dáil 100’ go réigiúnach den chéad uair ag ócáid cois Laoi.

Seoladh an taispeántas in Oifigí Chomhairle Contae Chorcaí mar chuid de chlár imeachtaí a eagraíodh chun an chéad suí poiblí de Dháil Éireann in 1919 a chomóradh.

Tá teacht an taispeántais réigiúnaigh ina chuid den cheiliúradh chun 100 bliain den daonlathas parlaiminteach in Éirinn a chomóradh agus chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi ról agus tábhacht Pharlaimint na hÉireann.

Tá an taispeántas seo á thabhairt go Corcaigh ag Tithe an Oireachtais sna sála ar laethanta oscailte, a bhí lán go doras agus ar bhain idir óg agus aosta taitneamh astu, i dTeach Laighean i mí Eanáir.

Is í ceanncheathrú Chomhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin an chéad áit lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ina bhfuil ‘Dáil 100’ á reáchtáil.

Is iad Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Criostóir Ó Súilleabháin agus an Teachta Dála Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, a sheol taispeántas ‘Dáil 100’ le chéile cois Laoi.

Agus í rannpháirteach sa Ghrúpa Stiúrtha Polaitiúil a rinne formhaoirsiú ar cheiliúradh Dáil 100, creideann an Teachta Ní Chorcoráin Cinnéide go bhfuil na prionsabail a bhí taobh thiar den chéad Dáil chomh hábhartha céanna sa lá atá inniu ann agus a bhí riamh. Dúirt an Teachta Ní Chorcoráin Cinnéide: “Agus cothrom 100 bliain na Dála á cheiliúradh againn, tá a fhios againn nach ndearna Dáil Éireann dearmad riamh ar a treoirphrionsabail; bhí sí de shíor ag athrú chun coinneáil suas leis an iliomad dúshlán nua a tháinig roimpi le céad bliain anuas.”

In 1919, ba as Corcaigh naonúr de na chéad Teachtaí Dála a toghadh; S.S. Breathnach; Liam de Róiste; Dáithí Ceannt; Toirdhealbhach Mac Suibhne; Pádraig Ó Caoimh; Tomás Ó Fiachra; Micheál Ó Coileáin; Diarmuid Ó Loingsigh agus Seán Ó hAodha.

Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Ó Súilleabháin: “Is acmhainn iontach é taispeántas ‘Dáil 100’ a bheidh ar leac an dorais ag muintir Chorcaí, agus ag turasóirí, ar feadh na chéad sé seachtaine eile, agus molaim don oiread daoine is féidir an taispeántas seo a fheiceáil lena súile féin. D’fhreastail na mílte daoine ar an taispeántas i dTithe an Oireachtais cheana féin, agus táimid ag súil go mbeidh spéis mhór ag muintir na háite ann.”

Sa taispeántas in Oifigí Chontae Chorcaí, déantar cur síos ar 100 bliain de dhaonlathas parlaiminteach in Éirinn ón gcéad chruinniú poiblí de Dháil Éireann an 21 Eanáir 1919 i leith. Roghnaíodh íomhánna aitheanta chun cur síos a dhéanamh ar thráthanna tábhachtacha i sochaí na hÉireann agus an tionchar a bhí acu ar Stát an lae inniu a mhíniú.

Tá an taispeántas ar oscailt don phobal i rith mhí an Mheithimh agus mhí Iúil idir 9am agus 5pm, Luan go hAoine, agus leagtar amach ann na bealaí éagsúla ar athraigh agus ar fhorbair obair Dháil Éireann ar go leor bealaí ó na laethanta luatha sin i leith.

Thionóil Dáil Éireann a céad chruinniú poiblí sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath an 21 Eanáir 1919. Gníomh cróga agus dúshlánach ba ea é, a tharla 6 seachtaine tar éis an olltoghcháin i Nollaig 1918, agus 69 den 101 iarrthóir ar éirigh leo ar son an neamhspleáchais.

Tugadh cuireadh do gach comhalta tofa freastal ar an gcéad chruinniú sin ach mar gheall ar an gcúlra polaitíochta casta a bhí i réim ag an am, ní raibh siad ar fad ábalta, nó sásta, freastal air. Ar an lá, bhí 27 gcomhalta i láthair i dTeach an Ard-Mhéara. D’fhógair siad neamhspleáchas na hÉireann, lorg siad aitheantas idirnáisiúnta do shaoirse na hÉireann, agus thug siad faoin bpróiseas chun Stát a bhunú.

I mí Eanáir, cheiliúir Dáil Éireann cothrom 100 bliain a céad suí i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath in 1919, trí shuí speisialta a eagrú i dTeach an Ard-Mhéara, agus anois, tá ‘Dáil 100’ i gCorcaigh. An lá céanna, reáchtáil Comhairle Contae Chorcaí cruinniú iomlán speisialta den Chomhairle chun an ócáid stairiúil seo a chomóradh. Seoladh an cruinniú sin trí mheán na Gaeilge in ómós don teanga a roghnaíodh do na himeachtaí ag an gcéad chruinniú den Dáil i dTeach an Ard-Mhéara céad bliain roimhe sin. Cuireadh aistriúchán comhuaineach ar fáil, a d’fhág go raibh deis do na Comhaltaí go léir a bheith rannpháirteach ann, agus thug an Príomhchainteoir, an Dochtúir Neil Buttimer, óráid ar bhain comhaltaí tofa, an pobal agus na meáin, araon, taitneamh aisti.

Barr
Roinn