Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil á seoladh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

25 Meith 2019, 17:08

Inniu, sheol Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tuarascáil ar na dúshláin atá roimh ionaid cúraim leanaí i limistéir Ghaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Ceann de na dúshláin is mó atá roimh thuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar ionaid cúraim leanaí is ea a chinntiú go bhfoghlaimeoidh agus go bhforbróidh a gcuid leanaí a dteanga dhúchais ó thaobh a cuid líofachta, saibhris agus éagsúlachta de, agus is í an chéim is tábhachtaí i saol an linbh ina leith sin ná an tréimhse idir sé mhí d’aois agus cúig bliana d’aois – an tréimhse ina bhfreastalaíonn leanaí ar sheirbhísí cúraim leanaí réamhscoile.”

Dúirt an Teachta Ní Chonghaile freisin: “Tá dúshláin ar leith roimh na hionaid cúraim leanaí atá ag oibriú i limistéir Ghaeltachta maidir leis an nGaeilge, arb í teanga an linbh agus an phobail í, a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile; ar dúshlán é seo nach bhfuil roimh sheirbhísí cúraim leanaí réamhscoile atá ag oibriú lasmuigh de na limistéir Ghaeltachta araon.”

Déanfar na dúshláin sin a aithint sa tuarascáil seo agus cuirfear ar aghaidh inti 25 mholadh don Rialtas d’fhonn aghaidh a thabhairt orthu.

  • Aithníonn an Comhchoiste a thábhachtaí atá an tumoideachas agus an príomhról atá aige maidir leis an nGaeilge a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile agus áitíonn sé ar an Rialtas an tumoideachas a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Áitíonn an Comhchoiste ar an Rialtas an príomhról a aithint atá ag na seirbhísí cúraim leanaí réamhscoile maidir le tumoideachas a sholáthar agus riachtanais speisialta na leanaí a bhíonn ag freastal ar sheirbhísí cúraim leanaí réamhscoile sna limistéir Ghaeltachta a aithint.
  • Áitíonn an Comhchoiste ar an Rialtas a chinntiú go gcuirfear cúramóirí cáilithe ar comhchéim le múinteoirí bunscoile ó thaobh tuarastail, saoire, pinsean agus dálaí oibre de.
  • Aithníonn an Comhchoiste go bhfuil sé de dhualgas ar an Stát na seirbhísí ar fad uaidh a chur ar fáil don phobal go dátheangach agus ar bhonn comhionannas iomlán agus is amhlaidh an cás seo i gcás seirbhísí cúraim leanaí réamhscoile a sholáthar agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Dá réir sin, iarann an Comhchoiste ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ar TUSLA- An Gníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, agus ar gach comhlacht poiblí eile a chinntiú go bhféadfaidh siad, agus go ndéanfaidh siad, an gnó ar fad acu le hionaid cúraim leanaí a sheoladh i dteanga oibre an ionaid lena mbaineann, agus go háirithe maidir lena chinntiú go bhfuil an cigire ar a bhfuil an fhreagracht don ionad líofa i dteanga oibre an ionaid.
  • Tá súil ag an gComhchoiste go léifidh an Rialtas an tuarascáil seo agus na moltaí atá inti; ar moltaí iad atá bunaithe ar an bhfianaise a cuireadh os comhair an Chomhchoiste le linn dó an t-ábhar seo a scrúdú.
Cliceáil anseo chun breathnú ar an tuarascáil
Barr
Roinn