Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Béim á leagan i dtuarascáil Thithe an Oireachtais do 2018 ar ar baineadh amach agus ar idirghabháil leis an bpobal

28 Meith 2019, 12:26

Leagtar béim i dtuarascáil Bhliantúil Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2018 a foilsíodh inné (Déardaoin) ar bhliain inar baineadh go leor amach, ina ndearnadh idirghabháil shuntasach leis an bpobal agus inar seoladh gníomhaíocht pharlaiminteach agus mór-oibreacha caomhantais Theach Laighean ar siúl i rith an ama.

Tuairiscíonn an Coimisiún de 11 chomhalta, ar a bhfuil an fhreagracht le haghaidh Tithe an Oireachtais a reáchtáil, méadú ar ghníomhaíocht pharlaiminteach agus ar idirghabháil leis an bpobal.

 

Ar na mór-fhorbairtí agus na staidrimh ríthábhachtacha do 2018 tá na nithe seo a leanas:

 

  • Tionscnaíodh 142 Bhille sna Tithe, ritheadh 44 acu agus próiseáladh nach mór 59,000 ceist pharlaiminteach;
  • Shúigh na Tithe ar chomhiomlán 204 lá (1604 uaire an chloig). Shúigh Dáil Éireann ar 106 lá arb ionann é agus 989 n-uaire an chloig, Seanad Éireann ar 98 lá agus 615 uaire an chloig; Is ionann an méid sin agus méadú 12% ar mhéid comhiomlán uaireanta suí an dá Theach do 2017;
  • Thionóil Coistí an Oireachtais 625 chruinniú, d’éist said le 2,223 fhinné agus chuir said 75 thuarascáil amach;
  • Seoladh clár ócáidí fíor-rathúil chun an tráth is cothrom 100 bliain ó fuair mná cead vótála in Éirinn, a chomóradh, Vótáil 100;
  • Lean na Tithe agus a gCoistí den obair a bhí ar siúl acu maidir le himpleachtaí Brexit d’Éirinn, lenar áiríodh aitheasc óna Shoilse, an tUasal Jean-Claude Juncker, Uachtarán Choimisiún na hEorpa don dá Theach;
  • Bunaíodh Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte ar bhonn reachtúil. Rinneadh an Oifig a láidriú agus a mhéadú tuilleadh chun breis tacaíochta a chur ar fáil do Theachtaí agus do Sheanadóirí chun Billí Comhaltaí Príobháideacha a dhréachtadh. Sannadh 14 thogra BCP don tseirbhís um dhréachtadh BCP;
  • An Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP) a bhunú ar bhonn reachtúil. Mar chuid lárnach anois den chóras um ghrinnscrúdú airgeadais i dTithe an Oireachtais, chuir sí 62 sheisiún eolais, trácht agus foilseachán anailíse ar fáil. Fuair an oifig dámhachtain Ard-Mholta ón bhFondúireacht um Staidéar Fioscach as an obair a rinne sí ar bheartas fioscach;
  • Thug 99,197 nduine cuairt ar Theach Laighean ar thurais, cuairteanna scoile agus ar ghnó parlaiminteach.

 

Dúirt Cathaoirleach Choimisiún Thithe an Oireachtais agus an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl T.D., “I rith na bliana seo caite, rinne na Tithe an tráth is cothrom 100 bliain ó fuair mná cead vótála in Éirinn, a cheiliúradh faoi chlár Vótáil 100; Léirítear na hócáidí a seoladh chun an dul chun cinn daonlathach fíorthábhachtach seo a chomóradh i rith na tuarascála seo. Ar an iliomad buaicphointí a bhí ann, bhí sé de phribhléid againn díospóireacht mac léinn a óstáil i Seanad Éireann, Díospóireacht na nÓg, ar dheis iontach í chun breathnú ar idirghabháil daoine óga leis an bpróiseas daonlathach.

Céad bliain ón tráth sin, is mná iad 25% de chomhaltaí Thithe an Oireachtais. De réir mar a athraíonn cúrsaí, tagann athrú ar riachtanais na gcomhaltaí freisin. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an líon ban sna Tithe, d’fhéach an Coimisiún lena chinntiú go bhfreastalaíonn an láthair oibre pharlaiminteach do riachtanais na gcomhaltaí uile, go háirithe mná atá ag tógáil clainne agus a bhfuil dúshláin ar leith rompu maidir le tabhairt faoina ngairm pholaitiúil agus faoina gcuid freagrachtaí teaghlaigh in éineacht. Tionscnamh suntasach ar leith is é an Beartas um Shaoire Mháithreachais agus Uchtála ar ghlac an Coimisiún leis an bhliain seo caite. Tá sé d’aidhm ag an mBeartas seo tacaíocht a thabhairt do chomhaltaí na dTithe ar mian leo saoire ghairme a dhéanamh i gcás toirchis, leanbh a bhreith nó uchtála. Ba mhaith linn rannchuidiú Chácas na mBan san Oireachtas a aithint le linn an beartas seo a fhorbairt.

Féachann na Tithe le leanúint d’idirghabháil is mó a bhaint amach gach bliain trí na meáin shóisialta a úsáid, ábhar éagsúil craolacháin Oireachtas TV agus in 2018 trí shuíomh nua gréasáin Oireachtais a bhunú.

De réir mar a fhéachaimid le Parlaimint don Phobal a sheachadadh, tá bród ar leith orm go raibh Tithe an Oireachtas ar an gcéad pharlaimint a bhunaigh clár do dhaoine faoi mhíchumas intleachtúil-an Clár Oireachtais um Shaothair agus Foghlaim (OSF). Taithí an-dearfach ab é an tionscnamh seo don phobal parlaiminteach uile.”

Chuir an Ceann Comhairle a bhuíochas in iúl don fhoireann i dTithe an Oireachtais, d’Oifig na nOibreacha Poiblí agus do Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann as oibriú le chéile chun caomhantas Theach Laighean Seoirseach a chur chun cinn.

Léigh an tuarascáil iomlán anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn