17 MFómh 2019, 01:00
Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas chun athchóiriú an Gharda agus saincheisteanna a bhaineann leis sin a phlé le Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, amárach (Dé Céadaoin) ar 9 a.m., i Seomra Coiste 2, Teach Laighean.
Roimh an gcruinniú dúirt Cathaoirleach an Choiste Caoimhghín Ó Caoláin TD: “Is í seo an ceathrú uair a tháinig an Coimisinéir Harris os comhair an Choiste ó ceapadh é mí Mheán Fómhair seo caite.
Táimid ag tnúth leis an idirghabháil bhreise seo a dtabharfaimid aghaidh lena linn ar na pleananna athchóirithe agus athstruchtúraithe do mhúnla nua oibriúcháin an Gharda Síochána a seoladh an mhí seo caite.
Tá spéis ar leith ag comhaltaí eolas a bheith acu ar níos mó mionsonraí faoi na pleananna le haghaidh ranna an Gharda a laghdú ó 28 go 19 agus ar na tograí maidir le rialú agus cinntí a dhéanamh a chineachadh chuig na hArd-Cheannfoirt i ngach rann.”
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews