23 MFómh 2019, 04:06
Tiocfaidh an Roinn Cosanta os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, amárach, Dé Máirt nuair a bheidh cruinniú aige chun an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangacha a phlé.
Tá an Roinn Cosanta ar cheann de na Ranna Rialtais is mó a bhíonn ag gabháil don chomhshaol slán, cobhsaíoch is gá le haghaidh fás agus forbairt eacnamaíoch a chinntiú.
Is é an cuspóir ard-leibhéal atá ag an eagraíocht cosanta soláthar a dhéanamh le haghaidh cosaint mhíleata an Stáit, rannchuidiú le síocháin agus slándáil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus gach ról a shannann an Rialtas di a chomhlíonadh.
Ag labhairt di roimh an gcruinnniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis cloisteáil ón Roinn Cosanta maidir lena seirbhísí dátheangacha agus a tiomantas i leith na Gaeilge.
“Dé Máirt, fiosróidh an Coiste cad atá á dhéanamh ag an Roinn chun soláthar seirbhíse dátheangaí a chur chun cinn agus a spreagadh. An gá atá le bearta deimhnitheacha a dhéanamh maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear agus freisin an líon foirne dátheangaí.”
Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 2, Teach Laighean.
Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo.