Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun cuairt a thabhairt ar Phort Láirge inniu

30 MFómh 2019, 10:36

Tabharfaidh toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán cuairt ar Ghaeltacht na nDéise, Port Láirge agus ar Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge inniu an 30 Meán Fómhair 2019.

Beidh an toscaireacht ag leanúint d’idirghabháil an Choiste le ceantair Ghaeltachta, trína bhfuil iniúchadh á dhéanamh aige ní amháin ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge ach ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta sna ceantair Ghaeltachta chomh maith.

Ag an gcéad chruinniú níos déanaí inniu, a thionólfar i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co Phort Láirge, pléifear na hábhair seo a leanas le hionadaithe ó ghrúpaí agus eagraíochtaí áitiúla:

  • 9.30 – 11.00 Forbairt an gheilleagair agus na sochaí sa Ghaeltacht.
  • 11.30 – 12.30 An Ghaeilge, an Ghaeltacht, an Cultúr agus an tOideachas.

Díreofar ar an oideachas ag an dara cruinniú a thionólfar ar champas Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, Bóthar Chorcaí, Port Láirge. Pléifear na hábhair seo a leanas:

  • 15:00 – 15:30 An tOideachas agus an Ghaeilge i bPort Láirge;
  • 15.30 – 16:00 Na naisc straitéiseacha agus eacnamaíocha idir Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Gaeltacht na nDéise;
  • 16:00 – 16:30 An Ghaeilge mar ábhar acadúil in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge;
  • 17:00 – 17:30 An Ghaeilge ar champas Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge;
  • 17.30 – 18.00 Plé le hionadaithe ó scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge i réigiún Phort Láirge.

Más mian leat freastal ar cheann de na hócáidí seo, nó más mian leat an chuairt a phlé leis an gCathaoirleach, Caitríona Ní Chonghaile, TD, cuir ríomhphost le do thoil, chuig alan.neary@oireachtas.ie le do chuid sonraí teagmhála.Tabharfaidh toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán cuairt ar Ghaeltacht na nDéise, Port Láirge agus ar Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge inniu an 30 Meán Fómhair 2019.

Barr
Roinn