8 DFómh 2019, 10:17
Éistfidh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas amárach (Dé Céadaoin) le cuideachtaí meán sóisialta maidir lena bpleananna chun dul i ngleic le ciapadh ar líne agus cumarsáidí dochracha ar 9 a.m., i Seomra Coiste 2, Teach Laighean.
Le linn an dara cruinniú aige ar an ábhar, éistfidh Comhaltaí le haighneachtaí ó ionadaithe ó Facebook Ireland, Twitter Ireland and Google Ireland agus ó ionadaithe ó Chumann Soláthraithe Seirbhíse Idirlín na hÉireann.
Roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste Caoimhghín Ó Caoláin TD. “Cuirimid fáilte roimh an deis plé a dhéanamh leis na cuideachtaí meán sóisialta agus le tionscal an idirlín faoin ábhar tábhachtach seo. Ba mhaith le comhaltaí go háirithe díriú ar cibé acu a fhéadfaidh na cuideachtaí meán sóisialta iad féin a rialáil nó an gá gníomh reachtach chun déileáil le ciapadh ar líne agus cumarasáidí dochracha.”
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews