Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fionann tuarascáil ón gComhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas nach bhfuil Soláthar Díreach ‘oiriúnach dá chuspóir’ agus iarrann sé go ndéanfaí athchóiriú ó bhonn ar an bpróiseas lochtach um iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

12 Noll 2019, 11:00

Deir an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas, i dtuarascáil a seoladh inniu, nach bhfuil an córas cóiríochta Soláthair Dhírigh do dhaoine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta in Éirinn, ‘oiriúnach dá chuspóir’ agus iarrann sé go ndéanfaí athchóiriú ó bhonn ar an gcóras ‘lochtach.’

D’fhionn comhaltaí an Choiste go bhfuil an córas reatha, arb éard é maireachtáil chomhroinnte institiúideach ‘ag mainneachtain cearta chun príobháideachta agus chun dínite daonna a urramú i gcás daoine a chuirtear sna lárionaid seo’. Fionnadh i dtuarascáil an ghrúpa uile-pháirtí de Theachtaí Dála agus de Sheanadóirí go raibh ‘saincheisteanna substaintiúla ag baint leis an gcóras trí chéile.’ Orthu sin, bhí:

 

  • Tacaíochtaí agus seirbhísí neamh-leordhóthanacha nach bhfreastalaíonn do riachtanais pearsana aonair sogonta a thagann go hÉirinn;
  • Tréimhsí fada ag feitheamh sa phróiseas iarratais aonair;
  • Saincheisteanna maidir le rochtain a fháil ar an margadh saothair; agus
  • Saincheisteanna a bhaineann le leanaí sa chóras soláthair dhírigh.

 

Tá 43 fhionnachtain agus mholadh sa Tuarascáil maidir le Soláthar Díreach agus maidir leis an bPróiseas Iarratais ar Chosaint Idirnáisiúnta-agus is toradh í ar shraith d’éisteachtaí poiblí le grúpaí leas-sealbhóirí, ar mhéid is mó ná 140 aighneacht scríofa a fuarthas agus ar chuairteanna ag an gCoiste ar Lárionaid Soláthair Dhírigh i Maigh Muirí agus i Muineachán.

 

Moltar sa tuarascáil athrú go dtí aonaid chóiríochta ‘doras ar leithligh’ do phearsana aonair agus do theaghlaigh; go mbeadh baint ag comhlachtaí tithíochta ceadaithe (CTCanna) le cóiríocht agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar d’iarratasóirí ar chosaint; agus go n-éireofar, de réir a chéile, as a bheith ag brath, mar a dhéantar faoi láthair, ar sheirbhísí soláthair dhírigh ar fud na tíre a reáchtáil ar bhonn tráchtála agus ‘ar bhrabús’.

 

Moltar sa tuarascáil freisin athruithe suntasacha ar an gcaoi a n-oibrítear na córais soláthair dhírigh agus iarratais ar chosaint, lena n-áirítear tacaíochtaí agus seirbhísí laistigh den soláthar díreach, saincheisteanna maidir leis an ceart chun oibre, mar a chaitear le leanaí i soláthar díreach agus imeascadh iarratasóirí.

 

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Caoimhghín Ó Caoláin: “Tugadh an córas soláthair dhírigh isteach in Éirinn in 2000 den dhroim méadú suntasach ar an líon iarratasóirí ar thearmann anseo. In 2015 thug gasra oibre an Bhreithimh Brian McMahon tuarascáil don Rialtas inar aithníodh go leor fadhbanna agus ábhar inmí i dtaobh soláthar díreach agus na dtacaíochtaí a bhí ar fáil d’iarratasóirí ar thearmann. Bhí 173 mholadh i dtuarascáil McMahon i dtaca le feabhsuithe ar an gcóras. D’ainneoin athchóiriú áirithe san earnáil, mheas an Comhchoiste reatha um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas gur cuí aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist in 2019 agus í a chur i gClár Oibre na bliana seo mar shaincheist tosaíochta.”

Dúirt an Teachta Ó Caoláin freisin: “Le linn an idirphlé a rinneamar, ba ríléir don Choiste go bhfuil an córas Sólathair Dhírigh lochtach agus go bhfuil gá le hathchóiriú uaillmhianach ó bhonn a dhéanamh air, nó len é a ionadú, arbh é an rogha ab fhearr é. Tá an Coiste den tuairim, mar sin, gur chóir grúpa saineolaithe a chur ar bun chun anailís chomparáideach a sheoladh ar dhea-chleachtas i ndlínsí eile a d’fhéadfaí a oiriúnú lena chur i bhfeidhm in Éirinn.  Tá cóip den tuarascáil seo agus de na moltaí inti curtha chuig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá an Coiste ag tnúth le hobair a dhéanamh go gníomhach agus go tairbhiúil leis an Aire chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcóras soláthair dhírigh amach anseo.”

 

Ar na moltaí ríthábhachtacha eile sa tuarascáil, tá na nithe seo a leanas:

  • Ní mór an córas tairisceana láithreach lena gceanglaítear ar sholáthraithe cóiríocht a chur ar fáil do 50 duine ar a laghad i lárionad a choigeartú chun go mbeadh an deis ag soláthraithe is lú agus ag cumainn tithíochta cóiríocht agus seirbhísí a sholáthar ar scála níos inláimhsithe solúbhta.
  • Ba chóir gur príomh-riachtanas aon phróiseas tairisceana go ndéanfaí cóiríocht a thógáil nó a sholáthar in áiteanna ina n-uasmhéadófaí imeascadh le pobail áitiúla agus ina soláthrófaí rochtain mhaith ar naisc iompair, ar sheirbhísí, taitneamhachtaí agus deiseanna fostaíochta.
  • Bord comhairleach dídeanaithe a bhunú, arna mholadh i dTuarascáil McMahon agus dár foráladh in Acht na nDídeanaithe, 1996 (arna leasú) chun formhaoirsiú agus faireachán a sholáthar maidir le gach ní is iomchuí maidir leis an bpróiseas iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus glactha.
  • Ba choir oiliúint fhorleitheadach a chur ar fáil don fhoireann ar fad a bhíonn ag obair laistigh den chóras Soláthair Dhírigh, ar a mbeidh oiliúint speisialtóireachta faoin gcaoi a bpléitear le héifeachtaí tráma, drochúsáide gnéasaí agus foréigin baile, chun go mbeadh measúnú leanúnach ar siúil ar shaincheisteanna meabhair-shláinte a bhaineann le pearsana aonair atá ag maireachtáil laistigh den chóras agus go ndéanfaí an céanna a bhrath go leanúnach.
  • Is soghonta go háirithe leanaí a thagann go hÉirinn gan tionlacan agus ní chóir go n-aistreofaí iad go huathoibríoch isteach go dtí an córas Soláthair Dhírigh ar aois 18 mbliana á baint amach acu. Is faoi choimirce Tusla ba chóir dóibh fanacht, agus na tacaíochtaí á gcoinneáil acu, go dtí go mbainfí deireadh amach ó thaobh a n-iarratas ar thearmann.
  • Agus an Coiste ag fáiltiú roimh rochtain theoranta a dheonú ar an margadh saothair le haghaidh iarratasóirí ar chosaint, molann sé go ndéanfaí an teorainn sé mhí a fhadú le haghaidh ceadanna go bliain amháin ar a laghad dóibh siúd atá incháilithe chun oibre.
  • Creideann an Coiste gur ríthábhachtach an rud é, i gcás daoine nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar an margadh saothair ná ar oideachas foirmiúil soláthar cuimsitheach cúrsaí oiliúna agus deiseanna foghlama.
  • Ní mór plean imeasctha agus athraithe ar leith a ullmhú agus a chur ar fáil do gach duine a fhaigheann stádas agus a fhágann Soláthar Díreach. Ba mhaith leis an gCoiste go mbeadh chur chuige cuimsitheach ilghníomhaireacha ann maidir le pearsana aonair a ullmhú chun aistriú as Soláthar Díreach, cóiríocht a fháil, dul isteach ar an margadh saothair agus imeascadh lena bpobal nua.

Tá an tuarascáil ina hiomláine ar fáil anseo ar shuíomh idirlín an OIreachtais, mar aon le leabhrán ar leithligh d’aighneachtaí a fuarthas.

 

Bhí plé poiblí ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2019 leis na leas-sealbhóirí seo a leanas:

An Breitheamh Brian McMahon; Comhairle Inimirceach na hÉireann; Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR); Comhairle Dídeanaithe na hÉireann; Gluaiseacht Iarratasóirí ar Thearmann in Éirinn (MASI); An Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí; Nasc, An Lárionad Inimirceach agus Dídeanaithe; An Dr Liam Thornton; Oifigigh ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn