Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Léirítear i dtuarascáil Thithe an Oireachtais le haghaidh 2019 éachtaí suntasacha ar fud na Seirbhíse

2 Iúil 2020, 10:44

Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil ó Choimisiún Thithe an Oireachtais 2019, a foilsíodh inniu, bliain de ghníomhaíocht pharlaiminte shuntasach, rannpháirtíocht i measc an phobail agus críochnú na n-oibreacha caomhnaithe.

Tuairiscíonn an Coimisiún de 11 chomhalta, atá freagrach as Tithe an Oireachtais a reáchtáil, ar mhéadú sa rannpháirtíocht, agus béim á cur ar chumas daoine óga iad féin a chur in iúl inár bparlaimint náisiúnta.

I measc na bhforbairtí agus na n-éachtaí suntasacha a rinneadh in 2019 bhí na nithe seo a leanas:

  • I gcaitheamh na bliana 2019, bhí na Tithe agus a gCoistí an-ghnóthach. Reáchtáil na coistí 623 chruinniú, ar ar fhreastail beagnach 2,000 finné agus chuir na coistí sin 61 tuarascáil choiste i láthair. Thacaigh an tSeirbhís leis an Dáil ar gachceann dá 106 lá suí agus leis an Seanad ar gach ceann dá 93 lá suí. Ritheadh ocht mBille Rialtais is daichead in 2019. 
  • Cuireadh bonn reachtúil faoin Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP) agus faoi Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminteacha (OCDP) ar an 1 Eanáir 2019.
  • Is cuid dhílis é OBP den chóras grinnscrúdaithe ar chúrsaí airgeadais i dTithe an Oireachtais anois. Chuir OBP 78 bhfoilseachán i dtoll a chéile in 2019, chuir sé naoi gcruinniú faisnéise ar bun don Choiste um Fhormhaoirsiú Buiséid, agus d’fhoilsigh sé a Thráchtaireacht Réamhbhuiséad 2020 a thug forléargas fioscach do Chomhaltaí roimh Lá an Bhuiséid.
  • Reáchtáil an Seanad 588 ndíospóireacht i dTosach Suí agus d’fhoilsigh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid a thuarascáil ‘An Lucht Siúil i dTreo Éire Níos Cothroime Tar Éis Aitheantas a Fháil’.
  • Ina theannta sin, sheol an tSeirbhís a Straitéis Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) 2019-2021. Is é cuspóir na straitéise tacaíochtaí le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur i bhfeidhm i dTithe an Oireachtais.
  • Thug breis agus 98,000 duine cuairt ar Theach Laighean ar thurais, ar chuairteanna scoile agus ar ghnó parlaiminte.

Ag machnamh dó ar 2019, dúirt Cathaoirleach Choimisiún Thithe an Oireachtais agus an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD: “Tosaíodh an bhliain le searmanas fíor-rathúil i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain go díreach ó tionóladh an chéad Dáil. I Mí Aibreáin, mar chuid den chomóradh céad bliain céanna, thug Cainteoir Theach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Nancy Pelosi aitheasc i Seomra na Dála. Cuireadh na gníomhaíochtaí rannpháirtíochta comórtha sin ar siúl ar bhonn réigiúnach mar chuid de Thaispeántas ‘Dáil 100,’ a tugadh ar camchuairt ar fud na tíre chun an tOireachtas a oscailt don phobal.

“Ba gharsprioc tábhachtach é críochnú Thionscadal Athchóirithe Theach Laighean Seoirseach. I ndiaidh tionscadal athchóirithe dhá bhliain, d’aistrigh an Seanad ar ais go dtí Seomra bunaidh an tSeanaid i dTeach Laighean Seoirseach i Meán Fómhair. Caomhnóidh an mórghnóthas sin stair an Tí do na glúnta amach anseo, ach cinnteoidh an t-uasghrádú a rinneadh ar an bhfoirgneamh freisin go bhfreastalóidh Teach Laighean ar riachtanais ár bparlaiminte agus ár bparlaiminteoirí agus go leanfaidh sé de bheith inrochtana do chuairteoirí agus d’fháilte a chur roimh chuairteoirí go ceann tamall fada de bhlianta amach anseo.

“De bhreis air sin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chríochnú an tionscadail athchóirithe, osclaíodh Teach Laighean don phobal chun clár turas treoraithe speisialta agus gníomhaíochtaí cultúrtha ar siúl, lena gceadaítear do chuairteoirí féachaint timpeall an Tí stairiúil agus foghlaim faoina athchóiriú agus faoina chaomhnú ó na daoine a bhí bainteach sa tionscadal sin.

“Cé go n-aithnímid na héachtaí atá bainte amach againn mar Pharlaimint le céad bliain anuas, dhíríomar ar an todhchaí freisin agus ar óige na tíre, lena chinntiú go gcloisfear guthanna na hóige inár bparlaimint náisiunta.

“Dá bharr sin, ghlac 157 nduine óg a suíocháin i nDáil Éireann chun an chéad Chomhthionól na nÓg ar an Aeráid a thionól. Thug an t-imeacht deis uathúil do thoscairí óga ó áiteanna fud fad na tíre a ndearcthaí agus a dtograí maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur i láthair Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Airí rialtais ó urlár Sheomra na Dála. Bhí sé de phribhléid againn freisin Dáil na nÓg, an pharlaimint náisiúnta don óige, a reáchtáil le haghaidh a díospóireachta débhliantúla i dTeach Laighean mar chuid de chlár comórtha Dáil 100.”

Léigh an tuarascáil bhliantúil ina hiomláine

Barr
Roinn