Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Iarrtar sa tuarascáil ón gCoiste um Fhreagra ar Covid-19 go ndéanfar athruithe ar an gcóras tástála agus rianaithe teagmhálaithe ionas go mbeidh sé níos téagartha

5 Lún 2020, 12:05

Tá an Coiste Speisialta Oireachtais um Fhreagra ar Covid-19 ag iarraidh go ndéanfar athruithe ar an gcóras reatha maidir le tástáil le haghaidh Covid-19 agus teagmhálaithe a rianú ionas go mbeidh sé níos téagartha agus níos éifeachtúla.

Sa Tuarascáil Eatramhach maidir le Tástáil agus Rianú uaidh, a foilsíodh inniu, déantar 22 mholadh lena n-áirítear scagadh teochta ar gach duine atá ag teacht isteach sa Stát ó thar lear agus tástáil rialta ar gach oibrí cúraim sláinte chun iompróirí aisiomptómacha an víris a shainaithint.

Leagtar béim sa tuarascáil ar an ról tábhachtach atá ag tástáil agus rianú teagmhálaithe chun a chumasú don Stát fanacht ar oscailt. Deir Cathaoirleach an Choiste, Mícheál Mac Conmara, TD: “Tuigeann an Coiste gur faoi dheifir a cuireadh an córas ar bun i mí an Mhárta agus gurbh éigean go leor bearta teagmhasacha a ghlacadh mar gheall ar an mbaol go mbualfadh rabharta pandéime an Stát ar fad. A bhuí le hiarrachtaí mhuintir na tíre uile, ní raibh gá leis na bearta sin, ach tháinig an Coiste ar an tuiscint nach mbeadh dianghlasáil eile inmharthana. Trí thástáil agus rianú teagmhálaithe a dhéanamh, beidh an Stáit in ann déileáil le ráigeanna Covid agus dul i ngleic leo de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.”

Fáiltítear sa tuarascáil ón gCoiste roimh an obair atá déanta ag FSS chun múnla seirbhíse nua cuardaithe agus rianaithe a dhearadh agus luaitear inti go mbeidh mionsonraí an phlean sin ríthábhachtach ó thaobh torthaí sláinte poiblí.

Tá foláireamh sa tuarascáil go bhfuil baol mór ann go bhféadfadh róphlódú sna hospidéil drochthionchar a imirt ar shrian a chur leis an víreas. Dúirt an Coiste go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin laistigh de phlean tástála agus rianaithe FSS, agus gur chóir aon infheistíocht a dhéanamh a d’fhéadfadh cuidiú leis an bhfadhb sin a réiteach.

Tá foláireamh sa tuarascáil freisin go mbeidh dhá dhiantástáil struis le sárú ag an gcóras cuardaithe agus rianaithe sna míonna atá romhainn: is iad sin, taisteal isteach sa Stát agus laistigh de; agus aimsir an fhliú.

Deir an Teachta Mac Conmara: “Tá córas de dhíth orainn a bheidh in ann déileáil le rabharta mór éilimh, rud a tharlóidh má bhíonn eipidéim fliú againn san Fhómhar, i bhfianaise a chosúla atá airíonna an fhliú agus Covid 19 agus ó tharla go bhfuil na hospidéil agus na Ranna Timpistí agus Éigeandála róphlódaithe cheana féin.”

Áirítear ar na moltaí eile sa tuarascáil:

  • Tá gá le freagairt níos cumasaí ón Stát chun a chinntiú go ndéantar teagmhálaithe cásanna deimhnithe a thástáil le haghaidh an víris agus go dtuigtear gur freagracht shainordaitheach sláinte poiblí í seo
  • Ba chóir faireachán níos grinne a dhéanamh ar choraintín sainordaitheach nuair a thagann daoine isteach sa Stát ó thíortha thar lear
  • Ba chóir leanúint de thús áite a thabhairt do sholáthar leordhóthanach trealaimh tástála a chinntiú
  • Ba chóir go n-áireofaí ar phlean nua tástála agus rianaithe FSS spriocanna uaillmhianacha maidir le hacmhainn tástála agus agaí  slánúcháin, chomh maith le hinfheistíocht chomhoiriúnach i saoráidí cúraim sláinte, lena n-áirítear seomraí leithlise
  • Ba chóir sonraí anaithnidithe mionsonraithe faoi ionfhabhtuithe – lena n-áirítear faisnéis thíreolaíoch agus dhéimeagrafach – a chur ar fáil don phobal a luaithe is féidir
  • Ba chóir béim a leagan i dteachtaireachtaí a chuirtear amach chuig an bpobal ar na contúirtí a bhaineann le tástálacha neamhoifigiúla príobháideacha nach féidir brath orthu agus lena dtabharfaí muinín bhréagach
  • Ba chóir measúnacht leanúnach a dhéanamh ar fheidhmíocht theicniúil aip Rianaire Covid FSS agus ar an méid a chuireann sé luach le hiarrachtaí tástála agus rianaithe agus ba chóir an mheasúnacht a chur ar fáil don phobal
  • Níor chóir gur faide ná aon lá amháin ar a mhéid sprioc-aga slánúcháin FSS le haghaidh tástáil deireadh go deireadh.

 

Thionóil an Coiste trí chruinniú inar scrúdaíodh iarrachtaí an Stáit maidir le tástáil agus rianú teagmhálaithe, lena n-áirítear ullmhacht an Stáit le haghaidh ráigeanna Covid-19 a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Ina theannta sin, fuair an Coiste 15 aighneacht i scríbhinn ó shaineolaithe míochaine agus tástála, ó shaineolaithe cumarsáide agus príobháideachta sonraí agus ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí eile a bhfuil saineolas acu ar an réimse seo.

 

Féach ar an tuarascáil iomlán anseo.

Barr
Roinn