Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht chun tionchar Covid-19 a phlé leis an Aire Ní Mháirtín agus an Aire Mac Ambróis

3 Samh 2020, 15:23

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht leis an Aire Ní Mháirtín agus an Aire Mac Ambróis amárach, Dé Céadaoin an 4 Samhain ar 2.00 p.m., i Seomra Coiste 3, Teach Laighean chun a gcuid tosaíochtaí a phlé de bhun éifeachtaí Covid-19.

Tabharfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Ní Mháirtín agus an Aire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt, an Teachta Mac Ambróis cuntas don Choiste ar thosaíochtaí ríthábhachtacha a Roinne agus ar thionchar Covid-19 ar gach earnáil faoi chúram na Roinne.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann: “Tá cloiste ag an gCoiste ó leas-sealbhóirí faoi thionchar ollscriosta Covid-19 ar spórt, ealaíona agus cultúr agus turasóireacht i gcaitheamh na n-ocht mí dheireanacha seo. Tá na comhaltaí ag tnúth le plé a dhéanamh leis na hAirí faoina gcuid tosaíochtaí le haghaidh na Roinne chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán is ea Covid-19, agus go háirithe faoi cén chaoi a bhféadfaidh siad cúnamh a thabhairt do thurasóireacht, ealaíona agus cultúr, spórt agus meáin agus do limistéir Ghaeltachta teacht aniar ón bpaindéim.”

14 Comhaltaí atá ar an gComhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht, naonúr on Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn