Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éistfidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le hÚdarás na Gaeltachta

10 Samh 2020, 13:00

Tionólfar cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin ar 2.00 iarnóin i Seomra Coiste 2, Teach Laighean 2000, ina ndéanfar breithniú ar an ábhar ‘Cúraimí agus Struchtúr Údarás na Gaeltachta, agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020’ i gcomhar le Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Aengus Ó Snodaigh TD, roimh an gcruinniú: “Tá cúraimí ar leith ag Údarás na Gaeltachta agus níl amhras ar bith ann ach go bhfuil pobal na Gaeltachta ag brath go mór ar an Údarás chun cabhrú leis an ngeilleagar áitiúil a fhorbairt, na daoine óga a choimeád sna ceantair éagsúla agus an tacaíocht eacnamaíoch agus teangeolaíoch is gá a fháil. Ba mhaith liom a bheith cinnte go bhfuil struchtúr an Údaráis inniúil ar an tasc atá roimhe agus nach bhfuil deacrachtaí inseachanta ag cur isteach ar aon iarrachtaí na ceantair Ghaeltachta a fhorbairt mar cheantair fhorásacha agus mhealltacha.

Is mian liom freisin an cheist seo a chur ar an Údarás: ‘Cad a theastaíonn i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020 chun cearta teanga agus cearta eacnamaíocha phobal na Gaeltachta a chosaint agus a fhorbairt ar bhonn comhionannais: comhionannas stádais agus comhionannas deiseanna araon?”

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste, anseo

Barr
Roinn