Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht chun plé a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh na meáin chraolta agus na nuachtáin mar gheall ar Covid-19

15 Noll 2020, 14:34

Déanfaidh an Comhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht tionchar Covid-19 ar na meáin chraolta agus ar earnáil na nuachtán a phlé ag an gcruinniú den Chomhchoiste a bheidh ann amárach, Dé Céadaoin, an 16 Nollaig.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 3, Teach Laighean, agus roinnfear ina dhá sheisiún é. Sa chéad sheisiún, ó 2pm go 2.55pm, pléifear na dúshláin atá roimh Chraolachán Poiblí agus roimh Earnáil na Meán i gcoitinne mar gheall ar Covid-19 agus is iad na daoine seo a bheidh páirteach ann:

  • Ionadaithe de chuid Virgin Media Ireland, Paul Farrell, Stiúrthóir Bainistíochta Virgin Media Ireland, Aine Ní Chaoindealbháin, Bainisteoir Oibríochtaí, agus Anna-Maria Barry, Bainisteoir Ginearálta ar Chumarsáid Chorporáideach; agus
  • Ionadaí de chuid TG4, Alan Esslemont, Ardstiúrthóir, TG4.

Beidh plé ina dhiaidh sin, ó 3.05pm go 4pm, ar na dúshláin atá roimh na Nuachtáin Náisiúnta agus Réigiúnacha mar gheall ar Covid-19 agus is iad na daoine seo a bheidh páirteach sa phlé sin:

  • Ionadaithe de chuid Local Ireland, Frank Mulrennan, Comhalta Feidhmiúcháin de chuid Local Ireland, agus Johnny O’Hanlon, Stiúrthóir Local Ireland; agus
  • Ionadaithe de chuid NewsBrands Ireland, Vincent Crowley, Cathaoirleach NewsBrands Ireland, Liam Kavanagh, Stiúrthóir Bainistíochta, The Irish Times, Colm O’Reilly, POF Business Post, agus Ann-Marie Lenihan, POF, NewsBrands Ireland.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann: “Bhí dúshláin roimh earnáil na meán sa tréimhse roimh theacht Covid-19. Bhí titim ar ioncam ón bhfógraíocht a chuir isteach ar na meáin chraolta agus earnáil na nuachtán araon, go náisiúnta agus go réigiúnach, agus chomh maith leis sin bhí meath ar líon na nuachtán a bhí á ndíol agus iad buailte ag an dianiomaíocht ó na meáin dhigiteacha agus shóisialta.”

 “Is measa na fadhbanna sin anois de bharr na paindéime agus táthar ag súil le laghdú suntasach ar ioncaim arís i mbliana. Tá an Comhchoiste ag tnúth le plé a dhéanamh ar na nithe sin agus ar aon dúshláin eile atá roimh chraoltóirí agus nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha agus iad ag tabhairt aghaidh ar an mbliain 2021.”

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht, naonúr díobh ón Dáil agus cúigear díobh ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 3 a bhreathnú beo ar Oireachtas TV.

Tá imeachtaí an Choiste le breathnú freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn