Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An cúigiú seisiún de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a bheidh ag leanúint ar aghaidh amárach

8 Feabh 2021, 17:10

Tosóidh an 5ú seisiún de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 i Seomra na Dála ag 1.00 iarnóin amárach. Suífidh an Roghchoiste go dtí 3.00 iarnóin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:"Tá a lán oibre déanta ag comhaltaí an Roghchoiste agus an Chomhchoiste araon chun an Bhille atá os ár gcomhair a fheabhsú agus a dhéanamh oiriúnach don fheidhm atá leis: seirbhísí poiblí dátheangacha a chur ar fáil chomh luath agus is féidir. Mar atá sé faoi láthair, líon na leasuithe teoranta atá á moladh ag an Rialtas dó san áireamh, ní rachaidh sé i ngleic leis an dúshlán seo, go dtí tar éis 2030 móide 6 mhí ar a laghad. Agus níl an spriocdháta sin cinnte ach oiread. Mar Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge níl an cur chuige seo inghlactha dom, mar ní dhéanfaidh sé an beart práinneach atá de dhíth, agus beidh pobal na Gaeltachta agus Pobal na Gaeilge thíos ag bille Gaeilge eile gan fheidhm arís.

Ach leanfaimid ar aghaidh amárach agus déanfaimid gach iarracht is féidir a chur ina luí ar an Rialtas cé chomh tábhachtach is atá sé go nglacfar leis na leasuithe atá molta againn."

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

 

Barr
Roinn