8 Márta 2021, 14:30
Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal le hionadaithe ó Fhóram Ombudsman na hÉireann amárach, an 9 Márta, mar chuid d’athbhreithniú ar Théarmaí Tagartha an Choiste.
Cloisfidh an cruinniú, a mbeidh an Teachta Máirtín de Brún ina chathaoirleach air, ar 12.30 p.m. i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean ó Pheadar Tyndal, Ombudsman, agus an Breitheamh Mary Ellen Ring, Cathaoirleach Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána.
Dúirt an Teachta de Brún: “Baineann cúram an Choiste le breithniú ar Achainíocha ón bPobal ó phearsana aonair nó eagraíochtaí, ar nithe is ábhar imní ginearálta don phobal agus ar shaincheisteanna beartais phoiblí. Féadfaidh an Coiste breithniú a dhéanamh freisin ar thuarascálacha Ombudsman.
Anuraidh, d’iarr an Dáil agus an Seanad ar an gCoiste athbhreithniú a dhéanamh ar a théarmaí tagartha agus mar chuid den phróiseas seo, tá Comhaltaí ag tnúth le plé a dhéanamh le Fóram Ombudsman na hÉireann roimh bhallchríoch a chur ar ár dtuarascáil.”
Is Buanchoiste de chuid Thithe an Oireachtais an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal ar a bhfuil 11 Chomhalta, seachtar ón Dáil agus ceathrar ón Seanad.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews