Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Óstálfaidh an Ceann Comhairle an cruinniú tionscnaimh den Fhóram maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach

23 Márta 2021, 09:35

Inniu, óstálfaidh an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghail T.D. an cruinniú tionscnaimh den Fhóram maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach. Is iad a bheidh páirteach san Fhóram réimse leathan daoine atá ionadaitheach don tsochaí ina mairimid agus beidh de thasc ag an bhFóram moltaí a dhéanamh a éascóidh forbairt leanúnach Thithe an Oireachtais. Is é sainchúram foriomlán an Fhóraim na nithe is gá chun Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh a bhunú, ar Parlaimint í a bhfreagraíonn a comhdhéanamh, a struchtúr, a hoibríocht agus a modhanna oibrithe do riachtanais agus do leasanna fear agus bean araon de gach aois chun teacht níos fearr lenár sochaí.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Ceann Comhairle, “Agus an Fóram á bhunú agam, tá dóchas agam go gcuirfidh sé tús le próiseas athraithe shuntasaigh agus dhearfaigh a chuirfidh lenár bPobal Parlaiminteach. Leis na blianta fada, tá feicithe againn fíorbhacannaí a chuireann cosc le breithniú agus cur i feidhm gairmré inár bParlaimint Náisiúnta. Gan teacht roimh obair an Fhóraim, creidim go gcothófar, leis na moltaí praiticiúla agus inghnóthaithe a thiocfaidh as pléití an Fhóraim, comhshaol oibre is mó sa deireadh a bheidh uilechuimsitheach agus a thacóidh le teaghlaigh do chách inár bPobal Parlaiminteach, agus go dtacófar leis an gcomhshaol sin de bharr na moltaí úd. Creidim freisin, gur mó a bheidh saol mar Pharlaiminteoir ina ghairmré tarraingteach, luaíoch agus inrochtana do dhaoine de gach cáilíocht shaolta.

"Gabhaim buíochas go háirithe le comhaltaí an Fhóraim ar thoiligh gach duine acu a gcuid ama luachmhair a thabhairt agus a gcuid eolais agus taithí a roinnt leis an tionscnamh seo."

Féach thíos Téarmaí Tagartha Iomláin agus Comhaltas an Fhóraim maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach

 

Comhaltaí an Fhóraim maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach

 

An Comhalta

 

Mary Upton, Uasal

Iar-Chomhalta agus Cathaoirleach an Fhóraim

Uruemu Adejinmi

Comhairleoir

An Dr Fiona Buckley

Léachtóir i Roinn Léann an Rialtais agus na Polaitíochta, COC, is speisialtóir i bpolaitíocht inscne

Holly Ní Chiaráin

TD

Norah Casey

Bean Ghnó agus Craoltóir

Lisa Nic Ambróis

Seanadóir

Jim Clarken

POF Oxfam Ireland, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Oxfam International agus Coimisinéir ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Alison Cowzer

Cathaoirleach, Women for Election

Róisín Deery

Oifigeach Comhionannais, Éagsúlachta & Cuimsithe, Seirbhís Thithe an Oireachtais

Tom Mallon

Abhcóide

Ronan Murphy

Eolaí Polaitíochta a bhfuil cúlra in athchóiriú seirbhíse poiblí agus bainistiú athruithe aige, Seirbhís Thithe an Oireachtais

Cáit NicAmhlaoibh

Comhairleoir agus Riarthóir Beartais Pholaitíochta

Fiona O’Loughlin

Cathaoirleach Chácas Parlaiminte na mBan in Éirinn

Néil Richmond

TD

Fintan Warfield

Seanadóir

 


Téarmaí Tagartha an Fhóraim maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach

1.         Tá teagmháil déanta ag an gCeann Comhairle le daoine chun grúpa a bhunú ar a dtabharfar an Fóram maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach (dá ngairtear ‘an Fóram’ anseo feasta) chun forbairt leanúnach Thithe an Oireachtais a éascú mar phobal parlaiminteach a thacaíonn le teaghlaigh, agus a bhfreagraíonn a chomhdhéanamh, a struchtúr, a oibríocht agus a mhodhanna oibrithe do riachtanais agus do leasanna fear agus bean araon agus mar phobal parlaiminteacht atá uilechuimsitheach chun gur teacht níos fearr lenár sochaí.

 

2.         Tabharfaidh an Fóram comhairle agus moltaí don Cheann Comhairle, a chuirfidh tuarascáil an Fhóraim faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena breithniú.

3.         Déanfaidh an Fóram na nithe seo a leanas a bhreithniú agus déanfaidh sé moltaí praiticiúla ina leith:

(i)         láthair oibre atá níos uilechuimsithí, a thacaíonn níos mó le teaghlaigh agus atá níos íogaire ó thaobh inscne de a dhéanamh de Thithe an Oireachtas, ar son an phobail pharlaimintigh;

(ii)        a chinntiú go dtabharfar tacaíocht agus acmhainní do Thithe an Oireachtais chun saincheisteanna inscne agus comhionannais a chur san áireamh le linn reachtaíocht a rith;

(iii)       éagsúlacht an phobail pharlaimintigh a fheabhsú chun teacht níos fearr le sochaí na hÉireann.

4.         Déanfaidh an Fóram breithniú ar iniúchadh a ghabháil de láimh ar Thithe an Oireachtais, lena n-úsáidfear sraith straitéisí de chuid an Aontais Idirpharlaimintigh, ar straitéisí iad atá íogair ó thaobh inscne de.

5.         Breithneoidh an Fóram na nithe seo a leanas:

·           forálacha iomchuí na Bunreachta agus Buan-Orduithe na Dála agus an tSeanaid;

·           socruithe oibre na dTithe;

·           na próisis lena gcumasaítear do na Tithe saincheisteanna inscne agus comhionannais a chur san áireamh ina fheidhmeanna reachtaíochta agus grinnscrúdaithe;

·           beartais agus nósanna imeachta iomchuí na dTithe agus an riaracháin pharlaimintigh;

·           an dea-chleachtas paraliminteach idirnáisiúnta i réimsí lena n-áirítear, beartais a a thacaíonn le teaghlaigh, uilechuimsitheacht, agus íogaireacht ó thaobh inscne de, agus cibé nithe eile is cuí leis an bhFóram, i ndáil leis na nithe thuas.

6.         Beidh ar an bhFóram na daoine seo a leanas:

·           Mary Upton, Uasal, Cathaoirleach

·           Uruemu Adejinmi, Uasal, Comhairleoir

·           An Dr. Fiona Buckley, Léachtóir i Roinn Léann an Rialtais agus na Polaitíochta, COC, is speisialtóir i bpolaitíocht inscne

·           Holly Ní Chiaráin, Uasal, TD

·           Norah Casey, Uasal, Bean Ghnó agus Craoltóir

·           Lisa Nic Ambróis, Uasal, Seanadóir

·           Jim Clarken, Uasal, POF Oxfam Ireland, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Oxfam International agus Coimisinéir ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

·           Alison Cowzer, Uasal, Cathaoirleach, Women for Election

·           Roisin Deery, Uasal, Oifigeach Comhionannais, Éagsúlachta & Cuimsithe, Seirbhís Thithe an Oireachtais

·           Fiona O’Loughlin, Uasal, Cathaoirleach Chácas Parlaiminte na mBan in Éirinn

·           Tom Mallon, Uasal, Abhcóide

·           Ronan Murphy, Uasal, Eolaí Polaitíochta a bhfuil cúlra in athchóiriú seirbhíse poiblí agus bainistiú athruithe aige, Seirbhís Thithe an Oireachtais

·           Cáit NicAmhlaoibh, Uasal, Comhairleoir agus Riarthóir Beartais Pholaitíochta

·           Néil Richmond, Uasal, TD

·           Fintan Warfield, Uasal, Seanadóir

·           Rúnaí: Breda Burke, Uasal, Príomhoifigeach

7.         Beidh Mary Upton, Uasal, ina Cathaoirleach ar an bhFóram.

8.         Comhaontóidh an Fóram a nósanna imeachta oibríochta féin agus éistfidh sé agus/nó breithneoidh sé cibé aighneachtaí is cuí leis, ó bhéal nó i scríbhinn, a bhaineann lena shainchúram. Féadfaidh an Fóram aighneachtaí a gheobhfar a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Oireachtais agus féadfaidh sé iad a chur san áireamh ina thuarascáil faoi mhír 10.

9.         Féadfaidh an Fóram tuarascálacha eatramhacha a bheidh dírithe ar an gCeann Comhairle a ullmhú lena dtarchur chuig Coimisiún Thithe an Oireachtais, de réir mar is cuí leis.

10.       Tabharfaidh an Fóram tuarascáil deiridh don Cheann Comhairle, lena tarchur chuig Coimisiún Thithe an Oireachtais, tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair 2021.

11.       Déanfaidh an Ceann Comhairle aon fhadú ar an spriocam le haghaidh thíolacadh na tuarascála deiridh a cheadú._

Fiosrúcháin ó na meáin

Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn