Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Buailfidh an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal leis an Ombudsman chun a thuarascáil 2020 ar Sholáthar Díreach a phlé

10 Beal 2021, 14:00

Buailfidh an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal leis an Ombudsman, Peter Tyndall, amárach, Dé Máirt, an 11 Bealtaine, chun a thuarascáil, ‘An tOmbudsman agus Soláthar Díreach: Nuashonrú le haghaidh 2020’ a phlé.

Beidh comhghleacaithe an Ombudsman, Sean Garvey agus Linda Joyce, i láthair ag an gcruinniú freisin a bheidh ar siúl ar 12.30pm i Seomra Coiste 4 i dTeach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Martin Browne an méid seo a leanas: “Bhain neart de na gearáin a rinneadh leis an Ombudsman in 2020 maidir le soláthar díreach le paindéim Covid-19. Áiríodh ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn sna gearáin, gluaiseacht daoine ó lóistín a bhí acu cheana, aistriú daoine chun féinleithlisiú san ionad in Iarthar na Cathrach, agus líomhaintí nach raibh an fhoireann in ionaid soláthar díreach ag cinntiú go mbeadh daoine ag cloí le treoirlínte sláinte phoiblí.

“Cé gur laghdaíodh líon na ngearán a ndeachthas i ngleic leo anuraidh go 61, agus an líon sin síos ó 168 in 2019, meastar gur neamhábaltacht fhoireann ó oifig an Ombudsman glacadh le gearáin duine le duine ag ionaid soláthar díreach mar gheall ar an srianadh taistil mar gheall ar an bpaindéim ba chúis leis an laghdú sin. Tá an Coiste ag súil leis na hábhair sin agus le hábhair ghaolmhara sa tuarascáil a phlé leis an Uas. Tyndall agus a fhoireann.”

Is buanchoiste é an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal de chuid Thithe an Oireachtas agus tá 11 Chomhalta air, seachtar comhaltaí ón Dáil agus ceathrar ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Theilifís an Oireachtais.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn