Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Sláinte chun tionchar cumhachtaí éigeandála Covid-19 ar chearta bunúsacha agus meabhairshláinte a phlé

24 Beal 2021, 15:00

Buailfidh an Comhchoiste um Shláinte le hionadaithe Athchóirithe Meabhairshláinte agus Comhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta, amárach, Dé Máirt, an 25 Bealtaine, le tionchar cumhachtaí éigeandála Covid-19 ar chearta bunúsacha agus meabhairshláinte a phlé.   

Is i Seomra an tSeanaid a reáchtálfar an cruinniú ag a 11.30am.
Táthar ag súil go dtiocfaidh Stiúrthóir Feidhmeach Chomhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta (ICCL), Liam Herrick; Oifigeach Sinsearach Taighde agus Beartas ICCL, Doireann Ansbro; Príomhfheidhmeannach Athchóirithe Meabhairshláinte (MHR), Fiona Coyle, agus Comhairleoir Beartas agus Taighde MHR, Audry Deane, os comhair an Choiste go fíorúil don phlé.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Crowe TD: “Chonaiceamar agus chuamar uile i ngleic le hathrú nach bhfacthas riamh cheana mar thoradh ar na cumhachtaí éigeandála a cuireadh i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim Covid-19. Cuireadh stop láithreach le teagmháil agus caidreamh sóisialta trí ghníomhaíochtaí amhail spórt nó ceol. Dúnadh scoileanna, siopaí, tithe tábhairne, bialanna agus gruagairí, cuireadh srianta i bhfeidhm ar thaisteal agus ar chruinnithe lena n-áirítear líon daoine a fhreastalaíonn ar bhainiseacha agus ar shochraidí, agus níl sa mhéid sin ach rogha de na hathruithe neamhghnácha a raibh orainn aghaidh a thabhairt orthu, faoi leibhéil éagsúla na dtréimhsí dianghlasála a forchuireadh.
“De réir mar a chuirtear deireadh mall leis na srianta sin, cuireann an Coiste fáilte mhór roimh an scrúdú tráthúil seo ar an tionchar a bhí, agus atá, ag cumhachtaí éigeandála Covid-19 ar chearta bunúsacha agus ar mheabhairshláinte agus folláine. Gheobhaimid léargas sa phlé sin ar an tionchar a bhí ag an bhfreagairt ar an bpaindéim ar sheirbhísí meabhairshláinte, lena n-áirítear Binsí Meabhairshláinte.”
Féach ar an gcruinniú beo.     
Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste go soghluaiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Barr
Roinn