24 Beal 2021, 15:15
Buailfidh an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal le chéile amárach, Dé Máirt, an 25 Bealtaine, chun Tuarascálacha Bliantúla an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean le haghaidh 2018 agus 2019 a scrúdú le Ger Deering, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean.
Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú ag 12.30pm i Seomra Coiste 4 i dTeach Laighean, bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Martin Browne: “Is é ról Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean gearáin a dhéantar maidir le soláthróirí seirbhísí airgeadais agus soláthróirí pinsean a imscrúdú agus a réiteach, ar mhodhanna neamhfhoirmiúla, trí idirghabháil nó imscrúdú foirmiúil, más gá.
“Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis seo le hidirghabháil a dhéanamh leis an Uas. Deering agus táimid ag súil lena thuarascálacha bliantúla le haghaidh 2018 agus 2019, agus cúrsaí gaolmhara a phlé leis. Tá an-suim ag na Comhaltaí i ngearáin a bhaineann le paindéim Covid-19 agus árachas briste ghnó, agus morgáistí rianúcháin a chloisteáil ach go háirithe.”
Is buanchoiste é an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal de chuid Thithe an Oireachtais agus tá 11 Chomhalta air, seachtar comhaltaí ón Dáil agus ceathrar ón Seanad.
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Theilifís an Oireachtais.
Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews