Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste an tSeanaid chun Cearta Saoránach i dTuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta a phlé

24 Beal 2021, 15:05

Buailfidh Roghchoiste Speisialta an tSeanaid maidir le Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach le chéile inniu san iarnóin le hionadaithe chun Cearta Saoránach i dTuaisceart Éireann i ndiaidh imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach a phlé.

Buailfidh an Coiste Seanadóirí le chéile ag a 3.00 pm i Seomra Coiste 3, Teach Laighean, leis na daoine seo a leanas:

  • Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir, An Coiste um Riar an Cheartais
  • Les Allamby, Príomh-Choimisinéir, Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine
  • Sinéad Gibney, an Príomh-Choimisinéir, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
  • Geraldine McGahey, Príomh-Choimisinéir, Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann

Agus í ag labhairt roimh an gcruinniú Dé Luain, bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Lisa Chambers: “Cuireann an Coiste agus cuirim féin fáilte inniu roimh na hionadaithe ón gCoiste um Riar an Cheartais, Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann. Táim ag súil go mór lena ndearcthaí a fháil ar chearta saoránach i dTuaisceart Éireann agus má tharla aon athrú ar chúrsaí i ndiaidh an Bhreatimeachta, nó má shíleann siad go bhfuil aon dúshláin romhainn”.

Dúirt an Seanadóir Chambers an méid seo a leanas freisin: “Ar cheann de thosaíochtaí Rialtas na hÉireann ina chur chuige maidir le Breatimeacht bhí cosaint cearta saoránach ó thuaidh agus ó dheas den Teorainn. Tá an Coiste agus mé féin ar chomhintinn leis an gcuspóir sin agus ba mhian linn díospóireacht a bheith againn inniu ar an gcaoi ar féidir linn oibriú le chéile chun é sin a bhaint amach.”

Is féidir leat amharc ar an gcruinniú, i Seomra Coiste 3, ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste go soghluaiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar Leathanach Gréasáin an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Jason Kiernan

Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4486

+353 86 701 5235 

jason.kiernan@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn