Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Shláinte chun plé a dhéanamh ar shaol na ndaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu

25 Beal 2021, 15:07

Pléifidh an Comhchoiste um Shláinte bealaí le saol na ndaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, agus saol a dteaghlach, ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine ag a 9.30am.

Beidh Príomhfheidhmeannach Ghalair Neamhchoitianta na hÉireann, Vicky McGrath; Príomhfheidhmeannach Retina International agus Leas-Uachtarán Eurordis Rare Diseases Europe, Avril Daly; agus Géineolaí Cliniciúil Comhairleach, Sláinte Leanaí na hÉireann in Ospidéal Chromghlinne, An Dr Sally Ann Lynch, i láthair go fíorúil don phlé ag an gcruinniú a reáchtálfar i Seomra Coiste 2.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Crowe, TD: “Meastar go bhfuil 300,000 duine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu in Éirinn. Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis seo le cloisteáil faoin saol laethúil a bhíonn ag na daoine sin agus faoi shaol a ndaoine muinteartha. Cuirimid fáilte roimh an bplé seo - ní hamháin chun na dúshláin bhreise a bhíonn ar dhaoine a bhfuil galair neamhchoitianta dul i ngleic leo agus na dúshláin atá os a gcomhair anois mar gheall ar phaindéim Covid-19 -  ach chun bealaí a aimsiú lena saol a fheabhsú go ginearálta, idir dhiagnóisic, rochtain ar chúram d’othair sheachtracha agus d’othair chónaitheacha agus rochtain ar chóireálacha lena n-áirítear táirgí íocshláinte dílleachtacha.”

Féach ar an gcruinniú beo. 

Barr
Roinn