25 Beal 2021, 18:00
Reáchtálfaidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid dhá sheisiún éagsúla amárach, Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine, chun cibearshlándáil náisiúnta na hÉireann a phlé, mar aon le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar fhoireann chábáin, agus fógraí a rinneadh le déanaí maidir le bunáiteanna Aer Lingus i Sionainn agus i gCorcaigh.
Déanfar an cruinniú, a bheidh ar siúl ag 12.30pm i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean, a roinnt ina dhá sheisiún:
12.30-1.30pm – Ossian Smyth, TD, Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, le cibearshlándáil a phlé; agus
1.30-2.30pm – Ionadaithe ó cheardchumann Fórsa chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar fhoireann chábáin agus fógraí a rinne Aer Lingus le déanaí.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Kieran O’Donnell, an méid seo a leanas: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an gcruinniú seo leis an Aire Ossian Smyth agus táimid ag tnúth go mór le cloisteáil uaidh agus nuashonrú a fháil ar an gcibearionsaí a rinneadh ar FSS agus ar ár straitéis cibearshlándála náisiúnta.
“Sa dara seisiún a bheidh againn, buailfimid le hionadaithe ó cheardchumann Fórsa chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar fhoirne cábáin Aer Lingus, i ndiaidh an fhógra a tháinig ón gcuideachta le déanaí maidir leis na bunáiteanna atá lonnaithe i Sionainn agus i gCorcaigh.”
Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.
Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews