Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal ag glacadh le hachainíocha anois ó dhaoine den phobal

1 Meith 2021, 15:35

 Is mór ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal a fhógairt go bhféadfaidh daoine den phobal achainíocha a dhéanamh chuig an gCoiste ar nithe is ábhar imní don phobal tríd an gcóras achainíocha ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Beidh gach achainí a sheoltar chuig Tithe an Oireachtais arna tarchur chuig an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus féadfar a bheith iontu:

·         nithe is ábhar imní ginearálta don phobal (i ndáil lena gcumhachtaí reachtacha):

·         nó nithe a bhaineann le beartas poiblí.

Déanfaidh an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal measúnú ar na hachainíocha agus scrúdú ar na saincheisteanna a thógfar.

Féadfaidh aon cheann díobh seo a leanas achainíocha a chur isteach:

·         pearsa aonair;

·         comhlacht corpraithe;

·         nó comhlachas neamhchorpraithe daoine.

Féadfaidh an Coiste cuireadh a thabhairt d’Achainígh, leashealbhóirí, ionadaithe do chomlachtaí poiblí, oifigigh Rialtais agus Airí freastal ar chruinnithe poiblí den Choiste chun achainí a phlé.

Féadfaidh an coiste cibé beart a dhéanamh is cuí leis i ndáil le hachainí agus féadfaidh sé freisin

·         achainí a tharchur chuig aon Ombudsman nó rialálaí nó comhlacht sásaimh;

·         achainí a tharchur chuig aon choiste eile Oireachtais;

·         Tuairisciú don Dáil agus/nó don Seanad, lena n-áirítear i dtaobh moltaí,

·         agus díospóireacht a iarraidh sa Dáil agus/nó sa Seanad.

Coinneofar an t-achainíoch ar an eolas maidir le dul chun cinn go dtí go gcuirfidh an coiste críoch leis an bpróiseas.

Dúirt an Teachta Máirtín de Brún, Cathaoirleach an Choiste um Achainíocha ón bPobal: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis an próiseas achainíocha a oscailt le haghaidh Achainíocha ón bPobal. Tugtar leis seo deis do na daoine uile sa tsochaí saincheisteanna a bhfuil tábhacht phoiblí ag gabháil leo a thógáil – cibé acu ar bhonn náisiúnta nó réigiúnach – le déantóirí beartas agus scaoilfidh sé rochtain don phobal go ginearálta ar Thithe an Oireachtais agus na Coistí. Ligtear le haisiriú an Chórais Achainíocha le saoránaigh agus le daoine eile rannchuidiú go díreach leis an gclár parlaiminte agus tionchar a bheith acu ar athruithe ar bheartas poiblí i gcás inar cuí sin, agus beidh cead acu chun freagra.

Arsa an Teachta de Brún freisin: “Tá caidreamh maith déanta ag an gCoiste le hOmbudsmain éagsúla a dhéileálann le saincheisteanna a bhfuil tábhacht mhór ag gabháil leo don phobal. Is é an uaillmhian atá againn go ndéanfar forbairt bhreise ar an dlúthchaidreamh oibre seo, ar mhaithe le gach duine dár sochaí. Iarrtar ar aon saoránach aonair nó grúpa ar mhaith leo nithe is ábhar imní nó spéise don phobal, nó i dtaobh beartas poiblí, úsáid a bhaint as an tairseach ar líne ar Oireachtas.ie chun achainí a chur isteach, a ndéanfaidh an Coiste grinnbhreithniú air.

Is Buanchoiste de Thithe an Oireachais an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal ar a bhfuil 11 chomhalta, seachtar ón Dáil agus ceathrar ón Seanad.  Tá an tairseach ar líne le haghaidh achainíocha a chur isteach agus faisnéis faoi conas achainí a chur isteach ar fáil ar leathanach baile an Choiste ar Oireachtas.ie.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn