Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Molann an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart go ndéanfaidh Coiste Speisialta den Oireachtas scrúdú ar ábhar an bháis chuidithe i ndiaidh dó grinnscrúdú a dhéanamh ar an mBille um Bás Dínitiúil, 2020

21 Iúil 2021, 16:30

I ndiaidh dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an mBille um Bás Dínitiúil, 2020, tá sé molta ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart go mbunófar Coiste Speisialta den Oireachtas chun scrúdú a ghabháil de láimh maidir le bás cuidithe, agus gur chóir tuarascáil a thabhairt laistigh d’achar sonrach ama.

Is Bille Comhalta Príobháideach é an Bille um Bás Dínitiúil, 2020 ón Teachta Gino Ó Cionaoith a fhéachann le ceadú a thabhairt maidir le bás cuidithe a sholáthar do dhaoine cáilitheacha – dóibh siúd atá ag fulaingt de dheasca tinneas foirceanta – agus é mar aidhm aige ceadú dóibh deireadh saoil dínitiúil, suaimhneach a bhaint amach. Dá n-achtófaí é, thabharfaí, leis an mBille seo, an ceart dlíthiúil do lia-chleachtóir chun cúnamh a thabhairt do dhuine cáilitheach deireadh a chur lena shaol nó lena saol, de réir théarmaí an Achta seo.

Le linn dó grinnscrúdú roimh an gCoiste a dhéanamh ar an mBille seo, lorg an Coiste aighneachtaí ón bpobal maidir leis an ábhar seo, agus fuarthas os cionn 1,400 aighneacht faoin spriocdháta in Eanáir 2021. Tagann na haighneachtaí faoi réim catagóirí leathana a bhaineann le dearcthaí éagsúla maidir le forálacha an Bhille; dearcthaí dlíthiúla, leighis, pearsanta, acadúla, chomh maith le dearcthaí a bhí bunaithe ar an gcreideamh, agus dearcthaí i dtaobh dheireadh an tsaoil, nó dearcthaí bunaithe ar chearta.

Cuireadh an Bille chuig Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminteacha (OCDP) freisin chun na himpleachtaí dlíthiúla agus bunreachtúla a bheadh ag reachtaíocht bheartaithe den sórt sin a fháil amach. Bunaíodh an Tuarascáil ón gCoiste maidir le Grinnscrúdú ar an mBille um Bás Dínitiúil, 2020 ar anailís a rinneadh ar an dá aighneacht seo, agus ar anailís OCDP.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Séamas Laighléis TD: “D’aithin an Coiste, le linn dó an ní seo a bhreithniú, gurb é an fheidhm atá aige reachtaíocht a rith, ach tá freagrachtaí áirithe air a bhaineann leis sin, agus ní mór a bheith cáiréiseach agus moltaí á ndéanamh tograí reachtacha a chur ar aghaidh. De thoradh a phléití, tá roinnt tuairimí tugtha ag an gCoiste, agus tá moladh foriomlán déanta ag an gCoiste freisin atá le fáil ag deireadh na tuarascála seo.

“Bunaithe ar a bhreithniú ar an ábhar seo, chinn an Coiste go bhfuil saincheisteanna teicniúla tromchúiseacha ag baint leis an mBille seo, agus go bhféadfadh sé go n-eascródh iarmhairtí neamhbheartaithe as an mBille seo ó thaobh beartais de – go háirithe maidir leis an easpa cosanta i gcoinne brú míchuí a d’fhéadfadh a bheadh curtha ar dhaoine leochaileacha chun leas a bhaint as bás cuidithe – go bhfuil lochtanna tromchúiseacha ar an gcaoi inar dréachtaíodh go leor alt den Bhille seo, agus gur mhó an baol dóibh dá ndéanfaí agóid ina n-aghaidh os comhair na gcúirteanna, agus go bhfuil grinnscrúdú níos críochnúla ar an mbás cuidithe ag teastáil mar gheall ar cé chomh tromchúiseach is atá saincheist den sórt seo, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh breithniú mionsonraithe ag Coiste Speisialta den Oireachtas tairbhiúil sa chás seo.

“Dá bhrí sin, bhí drogall ar an gCoiste agus é ag tabhairt breith nach gcuirfí an Bille seo ar aghaidh chuig Céim an Choiste, ach ba chóir go mbunófaí Coiste Speisialta den Oireachtas, a luaithe is féidir, chun an ní seo a chur chun cinn. Ina theannta sin, déanfar gach aighneacht a fuair an Coiste um Dhlí agus Ceart a chomhroinnt le haon Choiste den sórt sin.”

Dúirt an Teachta Laighléis: “Ba mhaith liom an Teachta Ó Cionnaith a mholadh as an díograis a léirigh sé agus cur chun cinn na reachtaíochta seo á mholadh aige, agus as tús a chur le comhrá atá ag teastáil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil thar ceann an Choiste leis na daoine ar fad a chuir aighneachtaí i scríbhinn isteach, agus le OCDP as an léargas ar an mBille seo a chuir sé ar fáil.

Tá an Tuarascáil maidir le Grinnscrúdú ar an mBille um Bás Dínitiúil, 2020 ar fáil ar leathanach an Choiste um Dhlí agus Ceart ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn