Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Molann an Comhchoiste um Thurasóireacht ráta CBL 9% a fhadú go dtí 2025 agus bearta eile chun tacaíocht a thabhairt d’earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta i ndiaidh na paindéime

21 Iúil 2021, 14:00

Molann an Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin inniu go ndéanfaidh an Rialtas ráta CBL 9% a fhadú go dtí 2025 chun cinnteacht a thabhairt do ghnóthaí in earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta agus iad ag athoscailt i ndiaidh na srianta sláinte poiblí a bhí i bhfeidhm mar gheall ar an bpaindéim.

Ina thuarascáil, Tionchar Covid-19 ar Earnálacha an Fháilteachais agus na Siamsaíochta, déanann an Coiste 27 moladh maidir le tacaíochtaí airgeadais agus eile le haghaidh gnóthaí agus oibrithe, tionscnaimh nua chun caiteachas a spreagadh ar fud earnáil an fháilteachais agus siamsaíochta, agus athbhreithnithe ar reachtaíocht agus ar threoirlínte a bhaineann leis na hearnálacha seo.

Agus í ag seoladh na tuarascála, dúirt an Teachta Niamh Nic Gabhann, Cathaoirleach an Choiste: “D’fhulaing earnálacha fáilteachais agus siamsaíochta na hÉireann go mór mar gheall ar phaindéim Covid-19. Is codanna de thionscal na turasóireachta dúchasach atá scriosta de dheasca Covid-19 iad tithe tabhairne, óstáin agus bialanna. Chuala an Coiste, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, gurb é earnáil na turasóireachta an chéad earnáil a buaileadh, nár buaileadh aon earnáil eile chomh crua céanna agus go mbeidh achar ama chomh fada céanna ag teastáil ón earnáil sin ná ó aon earnáil eile chun téarnamh a bhaint amach.

“Chualamar fianaise go bhfuil gnóthaí fáilteachais ar tí cliseadh agus gur dócha go mbeidh thart faoi 50% de bhialanna dúnta go buan – agus gur tháinig laghdú os cionn €2.5 billiún ar ioncam ar fud earnáil na n-óstán sa bhliain 2020, ar titim 60% é sin, ceann de mhéid nach bhfacthas a leithéid ariamh, agus is mór an dúshlán atá os comhair na hearnála seo sa bhliain 2021.

“Tá na dúshláin atá os comhar earnáil na siamsaíochta chomh dian céanna. Dar leis an bhfianaise a tugadh don Choiste, maidir leis an 55,000 oibrí sna healaíona, tá 58% acu tar éis a bheith ag brath go hiomlán ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime nó ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta.

“Mar gheall ar na hiarmhairtí eacnamaíochta agus sóisialta arna eascairt as an bpaindéim, agus as freagairt an Stáit ar an bpaindéim, tá – agus beidh – deacrachtaí suntasacha os comhair oibrithe agus gnóthaí in earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta sna míonna agus sna blianta atá amach romhainn.

“Le roinnt míonna anuas, chuala an Coiste réimse tuairimí agus rinne sé plé le réimse páirtithe leasmhara sna hearnálacha seo agus nocht sé sin méid an dochair a rinneadh de dheasca na paindéime, chomh maith leis na bearta is gá chun téarnamh a spreagadh agus cuidiú leis. I ndiaidh don Choiste breithniú a dhéanamh ar an bhfianaise ó bhéal agus i scríbhinn go léir a tugadh dó, d’aithin sé roinnt saincheisteanna ríthábhachtacha, agus déanann sé moltaí lena leagtar béim ar cé chomh práinneach is atá an scéal agus a bhfuil gá leo, dar linn, chun na tacaíochtaí atá ag teastáil a thabhairt isteach d’earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta, ar tacaíochtaí iad nach bhfuil amhras dá laghad ann a bhfuil gá leo.

Molann an Coiste:

·        Go ndéanfaidh an Rialtas ráta CBL 9% a fhadú go dtí 2025 chun cinnteacht a thabhairt do ghnóthaí;

·        Go ndéanfar an Scéim Tacaíochta um Shrianta Covid a mhéadú faoi dhó le haghaidh gnóthaí turasóireachta agus fáilteachais a mbeidh téarnamh mall ag teacht orthu go dtí deireadh 2021;

·        Go ndéanfar an Tarscaoileadh Rátaí Údarás Áitiúil a fhadú ar feadh bliain iomlán le haghaidh gnóthaí turasóireachta agus fáilteachais;

·        Go mbunóidh an Rialtas scéim um dhearbháin laethanta saoire agus lá saoire poiblí nua chun caiteachas baile a spreagadh in earnálacha na turasóireachta agus an fháilteachais;

·        Go ndéanfaidh an Rialtas athbhreithniú ar dhlíthe ceadúnúcháin, agus go ndéanfaidh sé na dlíthe sin agus na próisis iarratais a nuachóiriú chun an maorlathas a laghdú agus chun spreagadh a thabhairt don gheilleagar oíche, agus go ndéanfar na ceanglais cheadúnúcháin bhreise a bhaineann le hearnáil an fháilteachais, amhail ceadúnais le haghaidh suíochán amuigh faoin aer, a shimpliú agus a aistriú go dtí córas ar líne;

·        Go dtabharfar aghaidh ar athchóiriú árachais agus go gcuirfidh an Rialtas dlús leis sin ar bhonn práinne chun tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí in earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta;

·        Gur chóir go gcuirfí an tuarascáil ón Tascfhórsa Geilleagair Oíche i ngníomh ar bhonn práinne nuair a fhoilseofar í faoi dheireadh agus gur cóir go mbeadh na nithe seo a leanas i gceist: uaireanta trádála fadaithe i gcomhréir lenár gcomharsana san Eoraip; an córas ceadúnúcháin a shimpliú agus an fhreagracht i leith ceadúnúcháin a aistriú ó na cúirteanna go dtí na húdaráis áitiúla, i gcomhar leis an nGarda Síochána; agus é a chumasú spásanna cruthaitheacha agus spásanna neamh-thráchtála a bheith ar oscailt i rith na hoíche;

·        Gur chóir go gcuirfí dlús le pleananna chun scéimeanna tacaíochta nuálaíocha a sholáthar d’ealaíontóirí, do cheoltóirí agus do dhaoine atá ag obair sna tionscail chruthaitheacha mar chuid den Phlean Geilleagair Náisiúnta;

·        Go gcoimeádfar an ráta iomlán den Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime le haghaidh oibrithe in earnáil na siamsaíochta go dtí go mbeidh a dtionscal athoscailte ina iomláine, agus go ndéanfar cinnte de nach laghdófar stádas na n-oibrithe sin go stádas cuardaitheora poist san idirthréimhse;

·        Go ndéanfar sos íocaíochta sé mhí a áirithiú le haghaidh oibrithe agus gnóthaí in earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta chun go mbeidís in ann aisíocaíochtaí morgáiste a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Nic Gabhann: “Den chuid is mó, baineann na moltaí seo le scéimeanna de chuid an Rialtais a raibh sé de chuspóir acu tionchair Covid-19 ar earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta a mhaolú, agus táimid ag iarraidh go bhfadófar na scéimeanna seo chun riachtanais reatha gnóthaí, fostóirí agus oibrithe a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr. Ina theannta sin, iarrtar leis na moltaí seo athbhreithniú ar shásraí seanbhunaithe agus scéimeanna nua a thabhairt isteach, mar bhealach chun cúiteamh a thabhairt d’oibrithe agus do ghnóthaí sna hearnálacha seo de dheasca an anró a d’fhulaing siad i rith na paindéime, chun níos mó solúbthacht oibríochta a thabhairt dóibh sa tréimhse amach romhainn, agus chun inmharthanacht na n-earnálacha seo a chosaint san am atá le teacht.”

Ghabh an Teachta Nic Gabhann buíochas leis na páirtithe leasmhara ar fad a thug aighneachtaí agus fianaise don Choiste as a n-ionchur, lena n-áirítear an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, comhlachtaí poiblí eile, agus grúpaí atá ionadach d’earnálacha na turasóireachta, an fháilteachais agus na siamsaíochta as a rannchuidiú riachtanach.

Tá an Tuarascáil maidir le Tionchar Covid-19 ar Earnálacha an Fháilteachais agus na Siamsaíochta ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn