Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár oibre agus téarmaí tagartha á seoladh ag an gComhchoiste um Nithe a Bhaineann le Míchumas

23 Iúil 2021, 13:30

Tá a Théarmaí Tagartha agus a Chlár Oibre i gcomhair 2020/21 seolta ag an gComhchoiste um Nithe a Bhaineann le Míchumas inniu.

 

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Micheál Ó Muineacháin, TD: “Thar ceann an Choiste, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach aon duine a rinne aighneacht chuig an gCoiste mar chuid dá chomhairliúchán poiblí anuraidh, agus leo siúd a thapaigh an deis chainte agus a rinne cur síos ar a dtaithí shaoil maidir leis na saincheisteanna a théann i gcion orthu féin, ar a dteaghlaigh nó ar a gcúramóirí.

 “Bhí na haighneachtaí sin ríthábhachtach maidir le dul chun cinn an Stáit i dtaca le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, agus chuidigh siad leis an gCoiste maidir le cur lenár gclár oibre agus lenár dtéarmaí tagartha.

 “Creideann an Coiste gur imríodh tionchar ar bheartais de bharr gur daoine faoi mhíchumas amach go hard faoin gCoinbhinsiún, gur chuir sé sin leis na beartais, agus gur chóir go gcloisfeadh gach earnáil den tsochaí tuairimí na ndaoine sin. Tá sé sin ríthábhachtach i sochaí ina ndearnadh daoine faoi mhíchumas a eisimeallú agus a eisiamh i gcaitheamh an ama agus na staire.

“Ní mór, dá réir sin, athrú suntasach a dhéanamh ar an gcaoi a oibríonn an tsochaí ,lena n-áirítear bogadh i dtreo an tsochaí sin a mhaoiniú agus a eagrú, a ailíneofar le múnla cúraim sóisialach atá bunaithe ar chearta.“

Bunaíodh an Comhchoiste um Nithe a Bhaineann le Míchumas chun gach ní a bhaineann le míchumas a bhreithniú, lena n-áirítear Éire do dhaingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, rud a dhaingnigh Éire in 2018.

Léigh é Téarmaí Tagartha agus Clár Oibre i gcomhair 2020/21

 

Barr
Roinn