Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach i láthair ag an gCúigiú Comhdháil Dhomhanda do Spéicéirí Parlaiminte

10 MFómh 2021, 10:52

Bhí an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD, agus Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Mark Daly, i láthair ag an gCúigiú Comhdháil Dhomhanda do Spéicéirí Parlaiminte, arna hóstú ag an Aontas Idirpharlaiminteach i Vín, an Ostair, níos luaithe an tseachtain seo.

Ba í an chéad chomhdháil idirnáisiúnta i bpearsa a bhí ag an Aontas Idirpharlaiminteach ó thús na paindéime Covid-19. Ócáid dhá lá a bhí ann ag a ndearnadh plé ar raon ábhar, lena n-áirítear forbairt inbhuanaithe, comhionannas inscne, freagairtí don phaindéim, agus dul i ngleic leis an bhfuathchaint.

Thug an Cathaoirleach óráid, ón urlár, ar an tairiscint lena ndéantar athbhreithniú ar an gcaomhnú comhshaoil agus ar an bhfás eacnamaíoch. D’iarr an tAontas Idirpharlaiminteach ar an gCeann Comhairle bheith ina phríomh-rannpháirtí sa phainéal díospóireachta ardleibhéil, arb é ábhar na díospóireachta sin an rialachas domhanda agus idirphlé na bparlaimintí náisiúnta leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

San óráid thosaigh a rinne sé sa Chomhdháil, dúirt an Ceann Comhairle: “Náisiún beag is ea Éire a ndeachaigh a meon idirnáisiúnta chun tairbhe di. Tá NA agus AE ina dá cholún is tábhachtaí i mbeartas eachtrach na hÉireann. Bíonn idirphlé gníomhach ag mo pharlaimint le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, agus, dar ndóigh, an tAontas Idirpharlaiminteach.

“I mo cháil mar Spéicéir, táim i gceannas ar na grúpaí cairdis parlaiminteacha go léir, ar grúpaí iad a fhéachann i gcónaí le líonraí idirnáisiúnta a bhfuil tábhacht leo, a láidriú agus a chuthú. Cuireann an t-idirphlé sin ag comhaltaí parlaiminte na hÉireann leis an idirphlé a dhéantar ar fud an domhain maidir le rialachas domhanda.

Ina theannta sin, dúirt sé: “Agus má tá aon chiall le rialachas domhanda, is é an oiread smaointe agus tosaíochtaí atá éagsúil óna chéile agus is gá a bhreithniú ina gcomhthéacs idirnáisiúnta. Ní haon mhaith d’aon duine é an leithlisiú polaitiúil, go háirithe na daoine sin ar ceapadh muid chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh. Ní gan locht, dar ndóigh, atá na heagraíochtaí móra idirnáisiúnta ar nós NA agus EU. Ach is cóir tús a chur le rialachas domhanda ag an leibhéal áitiúil. Is inár bparlaimintí féin nach mór tús a chur le rialachas domhanda.”

Agus é ag caint i ndiaidh na díospóireachta painéil dar teideal Parlaimintí agus Rialachas Domhanda: an clár oibre neamhchríochnaithe, dúirt an Ceann Comhairle gur léiríodh comhaontú as cuimse sa seisiún maidir lena thábhachtaí agus a riachtanaí atá sé comhaltaí parlaiminte a bheith rannpháirteach i bpróisis a bhaineann le rialachas domhanda.

Dúirt sé: “Rinneadh tagairt don Afganastáin, mar is cóir, agus is truamhéileach go mór an aighneacht a chualamar ó pharlaimint Mhaenmar atá ar deoraíocht agus thapamar an deis chun gach rath a ghuí ar an bparlaimint sin atá ar deoraíocht, ar phobal Mhaenmar agus ar an bpobal Rohingya, go dtiocfaidh siad ar réiteach go luath ar an bhfadhb chrua sin. Teastaíonn réiteach domhanda ó gach fadhb dhomhanda. Ba léir dúinn an tacaíocht atá ann le haghaidh tuilleadh comhair agus comhoibrithe maidir le fadhbanna ilíocha idirnáisiúnta, amhail an phandéim, géarchéim na haeráide agus conas a chinntiú go seachadfar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.” 

Dúirt an Ceann Comhairle gur díríodh aird ar fhreagrachtaí an domhain fhorbartha “a chinntiú go dian” go dtabharfar vacsaínithe Covid-19 do na tíortha bochta.  Bhí seo le rá aige leis an gComhdháil: “Braithim gur mór an phribhléid dom é gur as Éirinn mé, áit ina bhfuil an vacsaín faighte ag 83 faoin gcéad de na daoine atá os cionn 12 bhliain d’aois. Caithfidh gach duine againn níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go bhfaighidh na tíortha bochta an tacaíocht a theastaíonn go géar uathu.”

Léigh tuilleadh eolais faoin gcomhdháil. https://www.ipu2021vienna.at/

Fiosrúcháin ó na meáin

Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn