Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid chun cruinniú a bheith aige leis an Aire Stáit, Oisín Mac Gabhann chun nuashonrú a fháil ar an athbhreithniú acmhainne ar an Ionad Násiúnta Cibearshlándála

21 MFómh 2021, 16:25

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid amárach, Dé Céadaoin an 22 Meán Fómhair leis an Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Oisín Mac Gabhann TD chun nuashonrú a fháil ar an athbhreithniú acmhainne ar an Ionad Násiúnta Cibearshlándála.

Roimh an gcruinniú ar 12.30pm i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean, dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Ciarán Ó Domhnaill: “Bhí an cibear-ionsaí ar chórais FSS níos luaithe i mbliana ar cheann de na sáruithe slándála is tromchúisí i stair an Stáit. Rabhadh ab ea é maidir lena thábhachtaí atá cibearshlándáil éifeachtach ár gcóras criticiúil agus ár mbonneagair chriticiúil ó thaobh ár slándála náisiúnta agus folláine eacnamaíoch.

Tar éis an ionsaithe ar FSS, gheall an Rialtas agus an tAire Mac Gabhann go méadófaí an tIonad Náisiúnta Cibearshlándála chun na bagairtí urchóideacha a tharlaíonn níos minicí de réir a chéile ó dhronganna coiriúla agus ó fhoinsí eile a chomhrac. Ar na gealltanais seo, bhí méadú is mó ná a bhí fógartha roimhe sin ar an tuarastal.

Bhí athbhreithniú acmhainne ar an INCS ar siúl cheana ag tríú páirtí neamhspleách tráth an chibear-ionsaithe ar FSS i mí na Bealtaine agus tá le tuiscint againn go bhfuil sé seo curtha i gcrích agus go bhfuil sé anois leis an Roinn. Ba mhaith leis an gCoiste nuashonrú a fháil ar an athbhreithniú acmhainne seo agus an dul chun cinn atá déanta maidir leis an INCS a mheadú. Táimid ag tnúth leis na nithe seo agus nithe eile a phlé leis an Aire Mac Gabhann.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas.ie

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn