Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Shláinte chun an clár um rochtain ar channabas liachta a phlé

28 MFómh 2021, 15:24

Gheobhaidh an Comhchoiste um Shláinte nuashonrú ar an gclár um rochtain ar channabas liachta (MCAP) i dTeach Laighean, Seomra Coiste 2, amárach, Dé Céadaoin an 29 Meán Fómhair ar 9.30 a.m.

Tiocfaidh oifigigh ón Roinn Sláinte agus ionadaithe ó FSS agus ón Údarás Rialála Táirgí Sláinte os comhair an Choiste le haghaidh an phlé.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste um Shláinte, Séan Mac Concradha TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an bplé seo chun an fhaisnéis is déanaí a fháil ar struchtúr agus leathnú amach an chláir um rochtain ar channabas liachta lena n-áirítear faisnéis ar na cineálacha táirgí atá ar fáil faoi láthair nó a bhfuiltear á gcur leis an gclár, ar an gcóras ceadúnúcháin atá i bhfeidhm agus ar na critéir, dúshláin agus na tosca reatha atá i bhfeidhm chun go bhfaighidh othair rochtain ar an gclár.”

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn