Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruinniú le bheith ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis an gCoimisinéir Teanga

28 MFómh 2021, 11:58

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 29 Meán Fómhair 2021, leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill Uasal chun: ‘Cearta Teanga in Éirinn’ a phlé. Tionólfar an cruinniú ar 2.00 iarnóin i Seomra Coiste 4.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: “Cé go bhfuil cearta teanga ar fáil in Éirinn de réir Bhunreacht na hÉireann agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, níl sé éasca, nó fiú indéanta, i ndáiríre, ar phobal na hÉireann rochtain a fháil ar na cearta sin. Ní leor go bhfuil na cearta sin inghlactha go hoifigiúil ag an Stáit mura ndéantar cinnte go bhfuil siad ar fáil go héasca agus go huathoibríoch don phobal. Ní mar sin atá sé, agus ní mar sin a bhí sé riamh, agus sin an dúshlán atá romhainn. Tá súil agam go mbeidh ár gcearta teanga ina bhfírinne, seachas ina uaillmhian, nó ina sprioc fhadtéarmach, don chéad ghlúin eile.

Chomh maith leis an ábhar thuas, pléifidh an Comhchoiste na doiciméid ‘An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Bhliantúil 2020’ agus ‘An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Faireacháin 2020/2021’ leis an gCoimisinéir Teanga ag an gcruinniú seo.

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Barr
Roinn