Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Fochoiste um Meabhairshláinte chun dúshláin atá roimh sheirbhísí andúile a phlé

12 DFómh 2021, 10:16

Pléifidh an Fochoiste um Meabhairshláinte dúshláin atá roimh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí andúile agus tionchar Covid-19 ag cruinniú i dTeach Laighean, amárach, Dé Céadaoin, an 13 Deireadh Fómhair ar 9.30 a.m.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 2.

Láithreoidh ionadaithe ó Fhóram Alcóil Éireann, Gasra Oibre Logánta Drugaí agus Alcóil Bhaile Munna agus Aonad Rutland os comhair an Fhochoiste.

Dúirt Cathaoirleach an Fhochoiste, an Seanadóir Prionsias Ní Dhuibh: “Tá méadú ar mhí-úsáid alcóil, drugaí agus cearrbhachais de dheasca na paindéime agus is tréimhse an-dúshlánach í dóibh siúd atá buailte leis na fadhbanna seo agus dá dteaghlaigh. Thiocfadh dó gur tháinig méadú ar an imní nó ar an eagla orthu siúd atá ag téarnamh mar gheall ar an bhfreagra ar an bpaindéim agus eagla roimh an víreas. Tá athrú mór tar éis teacht ar sholáthar seirbhísí tacaíochta, cóireála agus iarchúraim, agus tacaíocht duine le duine nó cruinnithe grúpa á gcur ar ceal agus seirbhísí á n-aistriú go glaonna fóin nó físe nó ríomhphoist. Is deis é an cruinniú amárach a gcuirtear fáilte roimhe éisteacht le soláthraithe seirbhíse tacaíochta andúile faoina gcuid taithí le linn na paindéime agus na dúshláin atá rompu de réir mar a chuirtear deireadh leis na srianta.

Féadfar breathnú ar imeachtaí beo.

Barr
Roinn