Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Shláinte chun BreastCheck agus feabhsú torthaí do dhaoine ar fáthmheasadh go raibh ailse chíche orthu a phlé

18 DFómh 2021, 15:11

Pléifidh an Comhchoiste um Shláinte clár scagtha Breastcheck agus feabhsú torthaí do dhaoine ar fáthmheasadh go raibh ailse chíche orthu ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Máirt an 19 Deireadh Fómhair ar 11 a.m.

Tá Stiúrthóir an Chláir Náisiúnta um Rialú Ailse, an tOllamh Risteard Ó Laoide, Príomhfheidhmeannach na Seirbhísí Náisiúnta Scagtha, Fiona Murphy agus Stiúrthóir Cliniciúil Ceannais do BreastCheck, an tOllamh Fidelma Flanagan ceaptha láithriú ag an gcruinniú i Seomra Coiste 1.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Mac Conradha TD: “Is í an ailse chíche an cineál ailse is mó ar mhná agus féadfar le diagnóis agus cóireáil luath torthaí agus rátaí marthana ón ngalar a fheabhsú. Is é Deireadh Fómhair Mí Feasachta Ailse Cíche agus cuireann an Coiste fáilte roimh an idirghabháil thráthúil seo le BreastCheck chun nuashonrú a fháil faoin gclár scagtha.

“Déanann BreastCheck scagadh faoi láthair ar mhná 50 go 69 mbliana d’aois ar bhonn limistéar ar limistéar. Ar na saincheisteanna is mian leis an gCoiste a phlé, tá an fhéidearthacht go leathnófar an aois scagtha chun go gcuimseofar líon is mó ban sa chlár, an líon ailsí a bhraitear gach bliain trí ghnáth-scagadh, tionchar Covid-19 ar an tseirbhís agus ar na cláir nó feachtais chun líon is mó ban a ghríosadh chun freastal ar choinní scagtha."

Féadfar breathnú ar imeachtaí beo

Barr
Roinn