Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht chun Cur i bhFeidhm Tithíocht do Chách a phlé le comhairlí Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

10 DFómh 2022, 16:15

Tiocfaidh an Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht le chéile amárach, Dé Máirt, an 11 Deireadh Fómhair, chun cur i bhfeidhm Tithíocht do Chách a phlé le hionadaithe ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Roimh an gcruinniú ar 3 p.m. i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Stiofán Mac Mathúna: “Is é Tithíocht do Chách an plean atá ag an Rialtas chun tithe sóisialta, inacmhainne agus cíosa costais a sholáthar suas go dtí 2030.

“Tá an Coiste ag tnúth le plé a dhéanamh le hionadaithe na n-údarás áitiúil ar conas a sholáthrófar na tithe seo i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin sna deich mbliana atá romhainn.

“Ar na réimsí spéise ar leith atá ag an gCoiste tá na spriocanna seachadta réamh-mheasta do thithíocht shóisialta, inacmhainne agus cíosa costais, gníomhachtú tithe folmha agus láithreacha tréigthe, athbheochan agus athnuachan uirbeach, agus seachadadh tithe faoi phróiseas Chuid V.”

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo ar Teilifís an Oireachtais.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn